22 February 2019

19/02/2019 - Dealbh an barra transaim


Do thosnaíos ar maidin ag déanamh dealbh le haghaidh an barra transaim.

Saghas éigin pleidhcíocht a bhí ann dáiríre, ag imirt le rialóir agus bacart ag iarraidh cruth deas agus siméadrach a dhéanamh.
Ach an rud is tábhachtaí ná bheith cinnte go mbeidh an stiúir in ann gluaiseacht ó thaobh go taobh i gceart.

Nílim go hiomlán sásta leis fós, ach beidh sé ceart go leor chun an lúbadh a thosnú.
Um an bpointe sin thosnaigh an báisteach ag titim.
Cheangail mé an tarpól go daingean agus chuas abhaile.
Seo mo lá deireanach. Fanfaidh an barra transaim ceithre sheachtain.

15/02/2019 - Ag déanamh réidh leis an mbarra transaim






Le tamall fada bhíos ag iarraidh dul ar ais go dtí Droim Dá Liag chun cainte le Josh Mortimer.
Tá dair lúbtha ag teastáil uaim le haghaidh na cnaíocha móra timpeall na taftaí.
Roimh dul suas chuige, dheineas deilbh le haghaidh na cruthanna atá ag teastáil uaim.




Ansin dheineas dealbh eile, ach ceann neamh-ghnáthach. Is dealbh é seo de uillinn 35º.
Oibríonn gnáth stiúir (ar nós mo cheann) ar bhád nú long go dearfach suas go dtí 35º, ina dhiaidh sin ní oibríonn sí chomh inniúil agus stopann sí an bád.
An chéad rud eile le déanamh agam ná an barra transaim, ach ní foláir dom cinntiú nach stopfadh sé an maide stiúradh sara sroicheann sé 35º.

Anois, thig liom an spota ceart i gcomhair an barra a mharcáil.


Ansin thógas amach mo fón póca agus seiceáileas an bhlag. Chuas siar go dtí Mí Meitheamh 2015 agus d'iniúchas an fótagraif seo thíos.

Ansin mharcáileas suíomh an pionna agus bhí muinín agam go rabhas glan de.


Ní raibh an-chuid ama fágtha agam, bhí gnó ag fanacht liom sa bhaile, mar sin tosnóidh an miotalóireacht lomdháiríre ar an Luan.






18/02/2019 - Miotalóireacht

An chéad rud inniu ná na iarainn a mharcáil amach i gceart. Chaithfidh siad a bheith siméadrach agus díreach agus an fad céanna ón bpost deiridh.
Dheineas dealbh eile chun é sin a bhaint amach - sórt dealbh diúltach - dealbh den spás idir na iarainn agus an post. D'usáideas an dealbh céanna ar an dá taobh, agus dá bhrí sin beidís siméadrach - tá súil agam!


An marcáil déanta, bhíos ábalta na poill a ghearradh agus an chéad feistiú a dhéanamh.


Ansin ghearras na píosaí le haghaidh an barr.


Ansin bhí sé in am iad a chreimneáil.





Cé ná fuil mo chuid táthú creimneála ró-dheas, d'oibrigh sé agus ghreamaigh na píosaí le chéile nuair a bhaineas den mbád iad.
Ansin leanas ar aghaidh leis an dtáthú filléadach. 
Ní raibh ag éirí ró-mhaith liom go bhfaca Nick Kottler mé ag sraonadh leo.
Thug sé a tháthaire ar iasacht dom agus d'fhéach sé orm ag obair ar feadh tamall. 
Le cúpla thaispeáint agus beagán treoir, bhíos ag déanamh dul chun cinn arís.

Ag deiridh an lae, ní rabhas go hiomlán sásta le mo thorthaí, ach níl sia uafásach ach an oiread.
Pé scéal é, tá a fhios agam anois anois ná fuil mo tháthaire bheag Parkside cothrom leis an jab a thuilleadh.

14 February 2019

14/02/2019 - A críochnú na scriútaí

Tá breis is coicís tar éis dul thart ó mo phostáil deireanach, gan aon dul chun cinn ar an mbád.
Do bhí orm dul go dtí BAC thar oíche i gcomhair tórramh gan coinne. Agus an lá dar gcionn d'imigh an Bas ar a laethanta saoire.
Roimh ré bhí sé ar aigne agam leath lá a chaitheamh sa chlós gach lá scoile, ach d'aithríos mo intinn. Chinneas mo chuid fuinneamh agus mo chuid ama go léir a chaitheamh ag tacú ná páistí gan aon rud ag cuir isteach ar sin.
Ach táim ar ais anois, gan ach cúpla lá fágtha agam roimh imeacht mé féin.

Thosnaíos go díreach ag lúbadh an tarna scriúta, ach an uair seo bhaineas úsáid as bís agus barra scafalra. Bhí sé i bhfad ní ba thapúla, ní ba éasca agus ní ba ghlaine.
Ach bhí na poill fós mall agus deacair leis an dtreas.

Dheineas praiseach as an bpoll tríd an bhfráma le haghaidh an bolta ag an mbun. Bhí sé as líne agus tháinig sé amach ag taobh an fráma.
Ní raibh aon rud le déanamh fé.

An taobh deasbhoird críochnaithe, dheineas clúdach lena aghaidh chun an tarpól a chosaint.

Ansin chuas timpeall go dtí an clébhoird agus thosnaíos arís.
An uair seo dheineas na poill sa bhád ar dtús agus mharcáileas an scriúta tríothu.
 An fhadhb anois ná, ní raibh na poill sa scriúta i líne díreach.
Ach arís, níl aon rud le déanamh fé anois.

Agus ansin an ceann deireanach.


Agus clúdach ar an gclébhord freisin.