31 October 2017

31/10/2017 - Deiridh leis an corcáil.

Ar ais ar maidin ach le mo bheirt chompánaigh, Luas agus Tapa. Tá an teaghlach ar fad, seachas an triúr againn, imithe go dtí an Spáinn ar saoire.
Ach pé scéal é, ar aghaidh leis an obair, ar aghaidh leis an corcáil.

Ar an taobh seo nílim ach ag úsáid dhá shnáithe i ngach séama, seachas na trí cinn a chuireas sa taobh clébhoird. Tá siad ró-chúng níos mó ná sin a ghlacadh, mar an chuid is mó.



Tapa (agus Luas sa chúlra) ag sú ar chluas muice.
Ach níl stad le cnagadh an máilléad ar an iarann.





Agus ag an deiridh, an séama deireanach críochnaithe.
Ansin ligh beag prímeálach.


Réidh leis an puití amárach.

27 October 2017

27/10/2017 - Greanáil agus corcáil.

Ar ais ón obair arís dheineas mo mhachnamh ar an scéal.
Tá greanáil agus corcáil le déanamh, an-chuid coiriú, an post deiridh le feistiú, an inneall le feistiú, an uchtán le déanamh agus feistiú. Agus an-chuid rudaí eile freisin.

Agus mé ag smaoineamh ar sin, thosnaíos le jab sórt simplí:



Agus ansin tús an greanáil.




Agus ansin an olú.



Ina dhiaidh sin thosnaíos ar an gcorcáil.
Do bhí na séamaí an-chúng ar fad i spotaí. Go ginearálta bhí siad níos cúinge ná an taobh eile.
Obair mall leadránach atá ann, ach caithfear é a dhéanamh.