28 April 2021

27-28/04/2021 - Nithe timpeall an crann, an seol tosaigh 7 cléataí.

Cé go bhfuil mé ar snámh arís, nílim réidh chun dul ar an bhfarraige fós, agus cinnte ná fuilim réidh chun seol a chrochadh.

Tá sé deacair le creidiúint, ach tá díreach dhá bhliain thart ónar dheineas an dá scriú stainge so le mo chara Andy Towers. Tá an-chuid tar éis titim amach idir an dá linn.
Mar san féin, chuaigh siad isteach go breá éasca, agus níor thóg sé a lán ama an barra adhmaid a dhéanamh agus a fheistiú.


Sin déanta, bhí sé in am na bacáin ceangal a fheistiú.
Tá sé ríthábhachtach go mbeidh na poill so díreach ceartingearach. Más rud é go mbeidís ag aon uillinn eile bheadh cuma uafásach ar an mbád ar fad. Ag smaoineamh ar so, ghearras poill ceartingearacha tríd píosa adhmad fuinseoige leis an ndruilire colúin chun é a úsáid mar threoraí.
Bhíos beagáinín neirbhíseach ar dtús, ach d'éirigh go maith liom leis an gcéad ceann, agus ina dhiaidh san laghdaigh an teannas.

Tar éis gach úsáid, d'éirigh an treoraí ní ba scaoilte beagán ar bheagán. Bhí ceithre pholl de déanamh agam, agus déarfainn nach mbeadh aon maitheas sa threoraí le haghaidh níos mó ná san.

Anois bhíos réidh leis na seolta a chrochadh, ach bhí sé gaofar go leor agus ní rabhas sásta ach an seol cinn a ardú.
Bhíos ag tnúth le seo - tar éis an méid ama a chaitheas ag obair ar na seolta, bhíos ar bís fáil amach an mbeidís ceart, nú an mbeidís ina bpraiseach. Is cosúil go raibh muintir an clós fiosrach fúthu freisin.

Agus mar sin bhí an seol cinn crochta.
Conas a bhí sé?
Bhuel, níl sé ina bpraiseach, ach níl sé ceart ach an oiread.
Tá an ciumhais tosaigh beagáinín ró-fhada. Ní thig liom é a tharraingt teann. D'fhéadfainn an crann a tharrac siar beagáinín chun é seo a réitiú, ag laghdú an ráca, ach táim ag súil go shínfeadh an seol thar am, agus n'fheadar an oibreoidh an réitiú so fad téarmach.
Chomh maith leis sin, tá an seol ró-bheag! Ba cheart go mbeadh an ciumhais deiridh cuid maith ní ba fhaide, agus an bun beagán ní ba fhaide dá bhrí sin.
Ach níl sé seo ró-dhona. Feidhmeoidh an seol cuimseach maith mar atá. Is léir go bhfuil sé réasúnta láidir ar a laghad, agus b'fhéidir go mbeinn ábalta é a úsáid mar eiteagán nú jib tosaigh sa todhchaí.
Is dóigh liom go bhfuil an nath cainte Béarla an-oiriúnach sa chás so "I don't like the cut of your jib", ach mar sin féin, bé sé ceart go leor.

An chéad rud eile le déanamh ná na cléataí an seol cinn. Ní rabhas cinnte cá chuirfinn iad go dtí go raibh an seol crochta.


Bhí orm píosaí de na tacaithe an tafta a bhaint. Do bhí siad ag teacht salach ar na cléataí, agus ní siad tábhachtach anois agus na cnaíocha feistithe.


 

26 April 2021

23-26/04/2021 - Péinteáil, ag cuir an crann i bhfeac, ag dul ar snámh.

Bhíos as láthair ón gclós le cúpla lá anuas agus nuair a thánag ar ais ar maidin, d'aimsíos an bád thuas an an leantóir!
Ní rabhas ag súil leis, ach ní aon fhadhb ann.


Tá an aimsir go breá anois - saghas éigin tonn teasa (cé go bhfuil sé fíor fuar sa ghaoth agus istoíche) - agus an-oiriúnach le haghaidh péinteáil, agus nach tráthúil é! An míbhuntáiste ná go bhfuil sé ar nós stoirm dheannaigh sa chlós (seachas mar dhabhach chlábair mar is gnáthach).

Chuireamair an crann i bhfeac inniu leis an gcraein. Bhí Liam ag tiomáint, Pierre ag tabhairt treoracha do agus mé féin sa bhád.
Oibríocht aisteach a bhí ann. Tá taithí maith agam ag obair le craenacha, ach ní bhíonn sé mar so go ró-mhinic!
Pé scéal é, bhí an crann feistithe ar an dtarna iarracht.
Ar dtús níor chuaigh an tionúr isteach sa cheap treo, ach thit sé isteach go tobann nuair a bhíos ag teanntú na scriútaí, agus bhain sé geit mór asam!

Ina dhiaidh san, bhí tamall agam rudaí a réitiú. Chuaigh an gliomadóir Rose ar snámh ansan lena úinéir nua Ivor, agus ina dhiaidh san b'é mo sheal é.



 

20 April 2021

15-20/04/2021 - Cnaíocha 7 na cosa

 Agus so anois an obair a bhíos ag súil leis - ag snoí baill amach as dair. Á, is breá liom an boladh as!

Tá cnaí mór agus cnaí beag le dhul isteach ar an dá thaobh, agus na baill tacaíochta na cosa freisin. Is "legwales" iad san in mBéarla, ach ní thig liom focal Gaelainne a aimsiú ortha.
Thosnaíos ar an taobh clébhoird, leis an gcéad cnaí mór. Ní rabhas ábalta é a fháil as píosa amháin, mar san chinneas é a dhéanamh as dhá phíosa adhmaid, agus iad a scarbhailt le chéile.
Tek-7 idir an dá phíosa, agus tairní bháid tríothu, lúbtha thart ar nós seamanna.


B'fhearr liom é as píosa amháin, ach cé nach raibh an scarbhailt foirfe, bhíos réasúnta sásta leis.
Tar éis ligh beag prímeálach, thosnaíos leis an gcnaí beag.



Cheapas go raibh tús maith déanta agam leis, ach chomh luath is a thosnaíos á phlánáil, scoilt sé ina dhá leat!

Bhí orm filleadh ar ais abhaile chun píosa dair eile a fháil. Thugas fé ndeara anois go bhfuil fabht dofheicthe ag dul suas lar an crann sin, agus beidh sé i ngach leataobh atá agam.
Ar a laghad, anois bead ag faire amach air as so amach.

D'éirigh ní ba fhearr liom ar an dtarna dul síos.


Chaitheas an-chuid ama ag réitiú an deilbh le haghaidh an ball so, ach fós bhí cuar ag teastáil nárbh fhéidir liom a dhéanamh sa dheilbh. Is é sin le rá, níl an ball so cothrom, tá cruth ann i ngach toise.

 
Leis an trí bhall réidh, do bhí sé in am iad a chuir le chéile.


Níl sé éasca poll chomh fada so a tharathrú go foirfe cothrománach, agus is léir ná rabhas cothrom leis an dtasc.

Ach ní raibh sé chomh donna nach rabhas in ann é a dheisiú. 

Bhí deacrachtaí agam leis an legwale freisin.
Nuair a bhíos ag druileáil tríd an bhfráma d'aimsaíos tairne, agus bhí orm é a bhualadh amach. An fhadhb ná gur thóg sé píosa maith den stráca amach leis.


Ar a laghad, chlúdaigh an ball an poll san, agus líonas an spás le puití.
Thugas fé ndeara ró-dhéanach nach mbeinn in ann boltaí a chuir tríd gach fráma clúdaithe ag an mball mar gheall ar na iarainn scriúta atá feistithe cheann féin.

Agus so mar a fheistítear na cosa go traidisiúnta, gan bolta ar bith, cé ná fuil sé chomh láidir ná chomh daingean.

Taobh amháin déanta, thosnaíos ar an ndeasbhoird.
An uair so bhíos ábalta an cnaí mór a dhéanamh as píosa amháin. B'fhéidir go bhfuil an leataobh so beagáinín níos leithne ná an chéad ceann.




Bhí sé ní ba éasca na baill a dhéanamh an tarna uair, ach bhí gach saghas fadhb agam á a fheistiú.
Chuas ar strae ar fad ag tarathrú an poll le haghaidh an bolta, agus chaitheas an-chuid ama ag déileáil leis sin.
Chomh maith leis sin, thugas fé ndeara go bhfuil an tafta ró-leathan. Dá bhrí sin, ní féidir liom ach bolta amháin a chuir tríd an píosa tosaigh.
Tá sé an-shoiléir gurb ceart dom na baill seo a dhéanamh ar an gcéad dul síos, agus roimh na iarainn scriúta gan amhras.


Agus so an táirge deiridh. Conas a déanann sé i gcomparáid lena sinsir?
 

Bhuel, is léir go bhfuil sé níos starraí ná an ceann so.



Agus an ceann so freisin.
 

Ach an cosúil leis an gceann so.

Agus an ceann so, beag nú mór.

Agus níl rud ar bith le feiscint sa cheann so.
Déarfainn ná raibh aon dá cheann díreach mar a chéile san aimsir sin!
 

 



 

14 April 2021

14/04/2021 - Glanadh!

Do bhí an bád uafásach salach le fada an lá, agus bhíos bréan leis.
Inniu, thógas an ballasta go léir amach as an ruma, agus chuas isteach leis an scairdniteoir agus glantach fuingicídeach.





 
Bhuel, tá sin i bhfad níos fearr anois - ach ní foláir dom é a choimeád glan as so amach, ach go háirithe séibhíní adhmaid. Bíonn siad i gcónaí ag plódú na líméir agus ag déanamh an diabhal dochar.

Beagáinín saothar leathar le haghaidh na páirtithe sa thafta crainn.