23 September 2017

22/09/2017 - Dúnta!


Bhí deiridh an plancáil beagnach le feiscint ar maidin agus mé ag tosnú ar an bpíosa deireanach an dúntóir.

Ag an am céanna, ní rabhas ró-shásta leis an deisiú ar an scoilt seo. Chinneas bloc beag adhmaid a chuir taobh thiar de agus scriúnna dhosmálta a chuir tríd ón taobh amuigh. Beidh orm dalláin a chuir ann níos deireanaí.

Ag déanamh na beibhil deireanacha.



Agus arís deacrachtaí an píosa a chóiméad istigh ina áit le tairneáil.

Pleidhcíocht leis an mbun.



Agus fé dheireadh - tá sé déanta!


Tar éis an lón thosnaíos ag plánáil ná siúntaí. Seo mo lá deireanach agus ba mhaith liom roinnt ola a chuir ar na strácaí nua roimh imeacht. Níl sé fiú é sin a dhéanamh roimh iad a ghreanáil, agus níl sé fiú é sin a dhéanamh roimh an plánáil.
jab garbh, leath déanta a bhí ann, ach sách maith chun an chéad cóta ola a chuir ann.



Agus in é go dtí Mí na Samhna. Táim an-sásta leis an méid dul chun cinn a bhaineas amach an uair seo, ach fós díomách as an méid botúin déanta agam freisin.


21 September 2017

21/09/2017 - Ag galú arís.

Bhíos ag an gclós go moch ar maidin agus lasas an tine fén bpota.




Ach bhí obair fós le déanamh ar an bpíosa leath-déanta agam.

Sin déanta (agus prímeálach air) agus an pota fós ag téamh, chuireas an píosa beag as stráca a deich isteach.




Ansin tháinig an chéad píosa an dúntóir amach as an bpota agus isteach ina áit. Cé go raibh sé deacair é a chuir ann, i gcaoi eile bhí sé beagáinín ró-éasca toisc go bhfuil na bearnaí ag na siúntaí (séamaí) beagáinín ró-leathan, ach beidís ceart go leor.


Tar éis an píosa sin a chuir isteach chonaic Liam an scoilt seo sa cheann a chuireas ann ar maidin. Bhíos fite fuaite nuair a chonac é. Déarfainn nach tharla sé nuair a bhíos ag tairneáil ach ina dhiaidh sin, ach an fhirinne a rá, nílim cinnte. Pé scéal é chaithfidh mé rud éigin a dhéanamh fé, ach beidh sé deacair mar gheall ar an áit a bhfuil sé agus mar gheall ar an cuasach sa rabóid in san áit sin. Tá cuasach ann ná fuil ann ar an taobh eile. Ach níorbh fhéidir liom aon rud a dhéanamh fé anois, bhí an chéad píosa eile an dúntóir le críochnú fós.

An chuid obair fós le déanamh - ach ar dtús an lón!


Bíonn an radharc den scoth ag an lón, ag féachaint ar an Ilen ag teacht le chéile de réir a chéile, ach tá súil agam na mbeidh an radharc sin ann i bhfad níos mó.


Thriaileas as caoi nua an bun a ghearradh an uair seo. Ar dtús le beagáinín tomhas, mharcáileas imeall an fráma ar an stráca agus siar as sin an bun.

Ansin dhruileáil mé na poill le haghaidh na tairní, agus thiomáin mé isteach iad.
Agus ansin, agus ní roimhe sin, ghearras an bun ar an líne leis an gcrith-sábh.
Agus nár fhág sé bun deas glan gan locht ná smál ar bith?

Ceist eile ba ea é an píosa seo a chuir suas ina áit gan a bheith ábalta crampaí a úsáid.

Thriaileas as an gcleas céanna a úsáid ar an tarna bhun.


Go deas, ach ní foirfe, níl sé díreach cearnach an uair seo agus beidh sé deacair an bun ar an gceann in aice leis a dhéanamh dá bhrí sin.
Fadhb eile!
Cúrsaí ag dul amú ag an mbun. Níor chuaigh an tríú thairne isteach agus mar sin thógas amach arís é. Dheineas níos mó druileáil sa pholl agus thriaileas arís as le tairne nua.
Agus seo a tharla. Ní mó ná sásta a bhí mé, is féidir liom é sin a admháil!

Ar a laghad tá breis is leath an miongháire sin imithe.


Roimh imeacht, mheascas suas braon beag eapocsach chun na botúin an lae a dheisiú.


20 September 2017

20/09/2017 - Leath lá


Tá an urlár fós ag déanamh miongháire orm ar maidin, ach tá súil agam go ndúnfainn an béal sin go luath. Ní inniu faraor, ní raibh ach leath lá agam sa chlós inniu, ach mar sin féin, do bhí dul chun cinn agam.

An spiling den chéad phíosa eile an dúntóir leagtha amach.