20 December 2016

20/12/2016 - Ag críochniú suas le haghaidh an Nollag.

Níor thóg sé an-chuid ama ar maidin an blocán deireanach ag deiridh an taobh deasbhoird a chríochnú.


Ansin mhol Liam blocáin eile a chuir in aice an príomh-tochta, an tochta crainn.
Is ar éigean a bhí mo dhóthain adhmad agam ach do dheineas é sin freisin.



Sin déanta, thugas ligh do na strácaí uachtair leis an gcriosghreanóir agus cóta eile olla don cabhail ar fad.
Agus b'in é, seachas na gnáth fótagraif éigeantach!





19 December 2016

19/12/2016 - Tuilleadh blocáin.


An obair céanna inniu, ag feistiú blocáin chun tosaigh agus ansin ag deiridh an báid.

Deilbh nua déanta i gcomhar an ceann seo.
Oirfeadh an smután seo.
Ach bhí sé beagáinín stomptha nó freangtha, dá bhrí sin chuireas tríd an tiúsóir é.
Marcáil amach.


Éasca péasca!
Ach ansin bhí an ball tosaigh mí-cothrom agus bhuel, bhí cuma mí-ceart air. Fuaireas corr dhíreach agus leagas síos trasna an dá thaobh é. Ansin thosnaíos ag plánáil agus ag siséaladh go raibh siad cothrom, ach ag déanamh mo dhícheall gan an líne lagbhoird a athrú.

Agus bhíos sásta leis na torthaí.

Ansin bhí sé in am na cinn ar chúl a dhéanamh. Ar dtús cheapas go raibh an cruth anseo ní ba shimplí, agus bheadh na blocáin níos éasca le déanamh, ach dheineas praiseach den chéad ceann. Bhí sé ró-ghearr.
Bhí a tarna ceann ní ba fhearr, ach dheineas praiseach den feistiú agus bhí sé ró chaol.
D'éirigh liom ar an tríú iarracht.

Tá cuma deas ar an taobh clébhoird leis na frámaí sciota.

Ansin an taobh deasbhoird.
D'éirigh go maith liom ann, ach bhí an iomad ama caite amú i rith an lae agus níor chríochnaíos an ceann deireanach ann.




16 December 2016

16/12/2016 - Smutáin.

Ar ais arís tar éis leath-seachtain caite amú ag déanamh cúrsa oiliúna gan ciall, an chéad rud a bhí le déanamh an lá sin ná an dúblóir a fheistiú i gceart. Bhí an eapocsach leasaithe maith go leo agus mar sin do laghdaigh mé an cuid is mó den ábhar breise leis an locar leictreach . Ina dhiaidh sin chríochnaigh mé an obair mín leis an gnáth plána.





Ansin chas mé chuig na smutáin, nó blocáin atá le dul isteach idir na strácaí uachtar agus na rungáis uachtar in áiteanna áirithe.
Le breis is bliain anuas bhí na gearrthóga darach móra ag triomú i mo cheardlann/bhothán sa bhaile agus tá siad breá tirim anois. Oireann siad go mór leis an bhfeidhm seo.

Lá amháin bhí an píosa seo chun a bheith mar cnaí tosaigh!


Ag úsáid an fiarbhacart chun an beibheal a shocrú ar an gcrios-sábh.
Bhí orm é a dhéanamh arís toisc gur dheineas praiseach den chéad ceann.
Thóg sé an-chuid feistiú ach d'éirigh liom ar an dtarna dul síos.
Tá an dair tirim seo thar a bheith crua agus láidir agus tá sé deacair obair leis.
Ag déanamh deilbh i gcomhar an chéad ceann eile.
Agus an oibriú céanna arís.



An dá ceann in aice a chéile déanta, bhíos ábalta an fráma eatarthu a sciotadh.

B'in é an lá sin, gan a lán le feiscint tar éis an-chuid saothar, ach is é sin an saor-bádóireacht.


09 December 2016

09/12/2016 - Uair (go leith) órga

Táimid ag imeacht go dtí Baile Átha Cliath ag meán-lae ach cheadaigh Joanne uair a chloig amháin dom dul síos chun cúpla ruda a chuir i gceart roimh imeacht.
An chéad rud ná barr na frámaí a sciotadh ar an taobh clébhoird.
Sin mise le m'aghaidh nochtadh den chéad uair le breis is deich mbliana!

Ansin d'ullmhaigh mé dúblóir i gcomhar an áit atá scoilte sa rungás agus ghreamaigh mé isteach le eapocsach é.
Ní bhead ar ais le seachtain agus beidh sé breá crua fé sin agus réidh le feistiú.
Bhíos déanach arís tar éis mo uair a chloig (go leith) órga, ach bhí cúpla mheandar ann chun roinnt fótagraif a fháil!