15 May 2016

Rudaí suimiúla ar an idirlín.

Bím i gcónaí ag lorg na téarmaí cearta mairnéalachta agus teicniúil ar son an bhlag seo, agus creid mé, tógann sé an-chuid ama uaireanta.
De gnáth bainim úsáid as na hacmhainní iontacha ar fáil ar www.teanglann.ie agus www.tearma.ie agus uaireanta www.focloir.ie, ach in ainneoin sin, fós níl gach téarma ar fáil agus uaireanta bím trí chéile ag iarraidh an focal ceart a roghnú as an méid go léir atá ar fáil.
Anois táim tar éis an gluais seo a aimsiú. Lán le téarmaí agus focail farraige atá sé, ach cinnte níl gach téarma atá uaim ann - "spiling" nó "dubbing" éinne? Agus chomh maith le sin, tá roinnt téarma atá fós ag cuir as dom.

Dar leis an liosta seo (agus na leabhair seo), is é 'bord na sceathraí' an taobh ar chlé den bád, nó an clébhoird, ach dar le Ó Dónaill is é bord na sceathraí an taobh ina bhfuil an ghaoth ag séideadh. Tagann an focal 'sceathraí' as an bhfocal 'sceathrach'. An ciall le sceathrach ná aisig. Agus creid mé mar dhuine a raibh tinneas farraige air na mílte uair; nuair a bíonn tú tinn ar bhád téann tú go dtí an taobh ina bhfuil an ghaoth ag séideadh nó beidh éadan clúdaithe le aisig agat!

Agus dar le Ó Dónall arís, is é 'bord na heangaí' an taobh óna bhfuil an ghaoth ag teacht, ach dar leis an gluais sin, an ciall le sin ná an taobh deasbhoird. Ní iascaire mé agus níl a fhios agam an cuireann siad na heangaí amach ar an dtaobh deasbhoird nó an taobh óna bhfuil an ghaoth ag teacht, nó b'fhéidir ceachtar acu!

Cé acu atá ceart? Níl a fhios agam, an dá ceann b'fhéidir, ach rachaidh mé le mo instinn, agus sa chás seo, is é sin le Ó Dónall.

10 May 2016

10/05/2016 - Ag críochnú fé dheifir.

Seo mo lé deireanach sa chlós inniu agus bhí a lán le déanamh.

Tuilleadh plánáil ar an gclár sin chun é a fheistiú leis an ceann os a chionn.

Ligh beag prímeálach.
Ní ró-dhonna ag an deiridh.



Gan aon ró-mhoill leanas ar aghaidh leis an gcuid tosaigh den stráca. Ba mhaith an rud é go raibh an spiling déanta de inné.

Beagáinín sciotadh ag teastáil anseo.


Déanta fé bhrú agus fé dheifir, ach bhíos ní ba shásta leis an stráca sin ná ceann ar bith go dtí seo.


Tá cúrsaí ag dul chun cinn. Ag dul chun cinn.


09 May 2016

09/05/2016 - Leath-lá

Trasna go dtí an taobh deasbhoird arís inniu agus an tríú stráca ansin a thosnú. Thug Liam lámh cúnta dom leis an spiling toisc go raibh sé chomh donna an uair roimhe seo.


Táid ag tógáil crann ar an mbinse sa bhothán mhór mar sin níl agam ach workmate chun an plánáil a dhéanamh.

In ainneoin a cabhair a fhuaras ó Liam bhí fuinneoga eile agam arís sa cheann seo.

Bhí rudaí le déanamh agam san iarnóin mar sin d'fhág mé mar sin é leis an lae.

06 May 2016

06/05/2016 - Fuinneoga idir na strácaí

Bhí a fhios agam go díreach ar maidin cad a bhí le déanamh inniu - an tarna leath den stráca a chríochnú. Thosnaíos leis an spiling ar dtús.



Ansin shín mé slat amach idir deiridh an chéad leath agus an ball tosaigh chun na leitheadaí a thomhas.

Ansin mharcáil mé amach ar an gclár leataoibh iad. Ba é seo an chéad uair a bhíos ábalta stráca iomlán a fháil as leataobh amháin.

Ach cad a bhí le feiscint nuair a chuireas an clár suas ach bearnaí móra ar nós fuinneoga idir na strácaí! Bhí rud éigin amú le mo chuid spiling.


Bhrúigh mé slat beag tanaí idir an stráca agus na crampaí le fáil amach cá rabhas ar strae, ach is cosúil go raibh an clár nua sách fair (breá nó cóir b'fhéidir?), ach ba é an stráca ós a chionn a bhí mí-ceart.
Ag iarraidh líne fair a fháil.
Pé scéal é, bhí sé ródhéanach an ceann déanta cheanna a athrú anois mar sin bhí orm an ceann nua a fheistiú in aghaidh an ceann thuas.

Sos tae ag an mbád chlós. John Hegarty ar chlé agus Leo McDermot ar dheis.
Tar éis roinnt beag feistiú bhí mo fhuinneoga ní ba lú na a bhí cheanna. Ní foirfe, ach níos fearr.


Roinnt dubbing de díth ansin.


Agus réidh le tairneáil ansin.


Tubaiste eile. Bhris mo bhéalmhír agus mé ag druileáil poll píolótach. Ní raibh aon rud le déanamh ach é a fhágáil ann.


Ní raibh sé chomh donna ag deiridh an lae. Tá bearnaí fágtha in sna áiteanna a rabhas ag fáscadh an tarna stráca ró-láidir ach dar le Liam tá seans maith go ndúnaidís cuid maith ina aonar tar éis tamall.


05 May 2016

05/05/2016 - Méaróga, urláir agus clár eile.

Nuair a thosnaíos ar maidin thriail má ar deisiú an urlár lúbtha sin a críochnú. D'fhág mé na crampaí ar thar oíche agus chuireas beagán Sikaflex idir é féin agus na frámaí ach nuair a scaoil mé na crampaí thosnaigh sé ag lúbadh go mall arís. Ní rabhas ábalta tairní a chuir isteach sna méaróga, mar sin chinn mé blocáin adhmad a bhrú isteach sa bhearna, ach mo thrua ghéar chnag mé isteach ró-chrua é agus do bhris an méaróg ar an dtaobh deasbhoird. D'éirigh ní b'fhearr liom ar an dtaobh clébhoird ar a laghad.
Ní bheidh na blocáin siúd ann go deo na ndeor, bíodh a fhios agat, nílim ach ag iarraidh na hurláir a choimeád díreach go mbeidh na plainc tairneáilte ann, agus as sin amach coimeádfaidh na plainc go díreach iad. Ach anois nílim cad a dhéanfaidh mé fé na cinn briste siúd.



Ina dhiaidh sin bhí sé in am tosnú ar an tríú stráca ar an dtaobh clébhoird. Mhol Liam dom an ceangal idir an dá chuid a dhéanamh ag fráma 11 sa cheann seo.

Mar sin spiling ar dtús.

Líneáil amach.

Ansin plánáil.

Ansin tochailt amach.

Beagán dubbing.


Suas ar an mbád le crampaí anois.

Agus tairneáilte ansin.

Bhíos sásta le obair an lae inniu, seachas an méaróg briste ar maidin.

04 May 2016

04/05/2016 - Ag críochnú an stráca ó inné.


Ar dtús beagán obair le déanamh ar an rabóid.



Agus beagán dubbingfairing ar na frámaí.

Ag marcáil leitheadaí an clár le slat arís.





Agus ag líneáil amach le caolaigh/slata.

Ag plánáil an beibhil.

Ag marcáil an líne ag an rabóid.




Réidh le tairneáil anois.

Déanta gan aon agó.




Beagnach críochnaithe leis an lae, chas mé chuid fadhb atá ag éirí le tamall - roinnt de na urláir ag lúbadh ar nós bananaí, u. 19 agus u. 20.
Mar atá soiléir le feiscint, níor éirigh ró-mhaith liom iad a dheisiú.
Nuair a d'fháisc mé an ceann seo tháinig scoilt mór sa lár.

D'fháisc mé ar an gceann seo i bhfad ní ba mhoille agus bhí cúrsaí ní b'fhearr.