28 February 2021

28/02/2021 - Réabáin

Bhí ríméad orm maidin inniu agus mé ag críochnú an cringleach deireanach sa seol mór.

Tá sé mar a chéile leis an dá cheann roimhe so, ach so an deiridh leis an bhfuáil ar an seol so. N'fheadar an mó míle greim a dheineis de lámh anso ónar thuirlingíos i dTaipei i mí Eanair, ach táim sásta a bheith réidh leo.



Níor cheapas  go d'tógfadh sé an méid ama so lena dhéanamh, ach sin an easpa tathaí atá agam.


Mar sin feín, cé go bhfuil an fuáil déanta, tá neart obair fós le déanamh.
Tá na ribíní fós le déanamh, ach tá téad níos caoile ná atá agam anso ag teastáil ó san, agus tá na réabáin fós le déanamh.

I dtosach báire, bhí sé de rún agam go mbeadh an bhlag so scríofa í nGaelainn, seachas scríofa fén nGaelainn (ar nós cuid maith den scríbhneoireacht Gaelainne sa lá atá inniu ann), ach chaithfead dul ar seachrán ar feadh nóiméad.

Réabán, súilín, fáinne súilín, cró. An-chuid focail scaiptha thar an-chuid foclóir le haghaidh an rud céanna de réir dealramh.
Go dtí so, bhíos ag úsáid iad go h-inmhalartaithe, ach bhí an focal "réabán" ag dul timpeall agus timpeall i mo aigne le tamall anuas. Cuireann sé i gcuimhnne dom dhá focal Béarla, roband agus ribband.
Bhí mearbhal orm leis na focail éagsúla ag figh isteach ina chéile laistigh i mo cheann, agus ar deireadh chuas chuig an foclóir Béarla chun iad so a shocrú.

Is ribbands iad na slata fada, nú caolaigh fada, a chuirtear suas ar na príomh frámaí chun cruth an báid a dhéanamh ag tús an tógáil. Tá roinnt acu le feiscint sa phostáil so, mar shampla. Agus iontas na n-iontas, tá focal airithe Gaelainne orthu - líosa, nú líosa tógála. (Cén fáth nar aimsíos an focal sin nuair a bhíos ag leagaint amach na líosaí 5 bliaina ó shin?)

Is rudaí iomlán eile iad robands
Morthimpeall na hEorpa, tagann an-chuid focail muirí ón sean-teanga Lochlainnis, agus tá an focal roband ina measc. Tagann sé ón bhfocal rāband, agus ceapaim b'fhéidir go dtagann "réabán" ón bhfocal céanna.
Is píosaí téid iad robands, a cheanglaíonn seol chuig slat nú bum, agus dar le O'Dónaill, tá an tarna ciall le "réabán" ná an lásáil ar sheol.

As so amach ceapaim, chun míthuiscint a sheachaint, bainfead úsáid as súilín, nú súilín práis le haghaidh brass eyelets, agus réabán le haghaidh an téad a théann tríd na súilíní siúd agus timpeall an crann nú an geaifil (seachas an focal lásáil).

Bhuel, ar ais chuig an saothar.Tá dhá saghas súilín práis le déanamh agam, cinn móra ar an gciumhas tosaigh go bogfadh an réabán tríothú go héasca (nuair atá an geaifil ag dul suas is anuas an crann), agus cinn beaga  ar chean an tseoil chun é a cheangail leis an ngeaifil go fadtéarmach.
Síos chuig ceardlann an bósan liom...

...ach chomh luath is a thosnaíos, bhí fadhb agam.
Dheineas poll oiriúnach ar cheann an tseoil le haghaidh súilín saghas 10B, ach nuair a dheineas iarracht an súilín a dhéanamh leis an puins agus dísle, dhein sé praiseach de.
Bhí an puins agus dísle ró-bheag. Oiriúnach do 8B nú 6B fiú. Ní mó ná sásta a bhí mé leis an mbósan!
Níorbh fhéidir liom leanúint ar aghaidh leis so, mar sin, d'fhágas mar san é agus thosnaíos ar ne cinn beaga.


Ar a laghad tá an puins agus dísle ceart againn le haghaidh na cinn saghas 4B.
Dheineas na deich gcinn ar an gceann ar dtús, agus ní raibh aon fhadhb eile agam.


Agus ansin thosnaíos á dhéanamh súilíní le haghaigh na ribíní.
9 ribín ag an gcúrsa, agus 3 chúrsa. 27 súilín ann.




Agus leis sin, bhí an seol mór déanta, beag nú mór.
Déanfad na ribíní sa bhaile le téad cnáib 8mm ar leithead, agus ansin tá an súdaireacht le déanamh, ach sin scéal lá eile.



Réidh le dhul isteach sa mhála arís.


27/02/2021 - Tacaí an tarna agus an triú chúrsa.

Thosnaíos inniu le fáinne téadáin, agus seo an ceann is deise a dheineas fós.

Is é an fáinne an bunús an súilín oibrithe atáim ag úsáid mar cringleach anso.

Tá súil agam nach mbeidh an iomarca fórsa ar an éadach timpeall an súilín - tá cuma beagánín lag air in aice na greamanna cheanna féin.

Agus ansan an daingniú le leathar.

Táim réasúnta sásta leis na torthaí an uair so.
Táim ag úsáid ding (nú fid i mBéarla) chun an cruth ceart ciorclach a chuir ar an obair.

Dé réir dealramh, níl focal ann i nGaelainn le dealú idir fid agus wedge, úsáidtear "ding" ar an dá rud.
Ach, tá an cuma ar an scéal go dtáinig an focal fid go Béarla ón sean-Ghaeilge ar an gcéad dul síos. Nach ait an scéal é!


Ach sin scéal eile. Idir an dá linn, leanas ar aghaidh le taca an triú chúrsa.

Críochnód é sin amárach leis an saothar leathair.


27 February 2021

26/02/2021 - Taca an chéad chúrsa (ríf)

Nuair a bhíos ag smaoineamh ar chonas taca an chéad chúrsa a dhéanamh, chinneas an fáinne téadáin (súil dhualach) a chuire díreach in aice an aighre, agus cúpla gréím a dhéanamh lena choimeád ann.

Ar a laghad an uair so, dheineas an fáinne leis an bhfí, seachas ina aghaidh!


Tá an t-éadach beagáinín tarraicthe timpeall an fáinne, ach táim ag súil go mbeidh sé ceart go leor nuair a shínfidh an tseol amach.


Dheineas deilbh ceart as páipéir don truaill leathair an uair so.


Agus ceapaim go bhfuil na torthaí i bhfad níos fearr dá bhrí sin.


Fós níl sé foirfe, ach tá sé inghlactha, i mo thuairim féin.
Agus mé ag féachaint ar na fótagraif anois, ceapaim go bhfuil cúpla greim eile ag teastáíl.


25 February 2021

25/02/2021 - An taca.

An chéad rud eile le déanamh ná an cringleach ag an dtaca.
Chinneas gan cringligh corónach a dhéanamh ar an ciumhas tosaigh, agus déanfad súilíní oibrithe amháin. Treiseod na súilíní le leathar agus tá súil agam go mbeidís cosúil le cringleach bianna agus cuimseach láidir.

An bhfeiceann tú an botún sa fáinne téadán thuas?


Agus mar sin, bhíos réidh leis an saothar leathair.

Táim i bhfad níos sásta leis an bpíosa saothar leathair so ná na cinn roimhe so.
Nílim á rá go bhfuil sé foirfe, nílim á rá go bhfuil sé ceart fiú, ach cinnte go bhfuil sé níos fearr ná mo iarrachtaí eile go dtí so. Chomh maith leis san,  ceapaim go bhfuil cúpla bhotún aitheanta agam, agus tá súil agam go mbeinn ábalta iad a sheachaint as so amach.