26 March 2021

26/03/2021 - Droch aimsir

Bhíos ag iarraidh nithe éagsúla a dhéanamh timpeall an bád, ach bíonn gach rud deacair a dhéanamh fén ndíonbhrat, ach go háirithe nuair atá sé fliuch amuigh.



Píosa eile den gaelscoil!



 

Um an dtaca so, d'athraigh an aimsir arís...


 Chuig ifreann le so. Táim a filleadh abhaile chun cluiche Seadaitheoirí Catan a imirt!

25/03/2021 - 09/04/2021 - Ag obair ar an seol cinn arís.

Tá na páistí ar laethanta saoire arís, agus táim ag obair ón mbaile dá bhrí san.
Cén dochar, tá na seolta fós le críochnú.

Thosnaíos leis na preabáin ar an seol cinn.

 

 Thugas dhá rud fé ndeara láithreach-

1 - Tá sé timpeall míle uaire níos tapúla leis an inneall fuála 😂
2 - Tá sé níos deacra clupaidí a sheachaint

Cé nach raibh an naprún ag bun an tseoil dóthain cóir, dheineas banda neartaithe breise chun an cruth a chóiriú beagán.



 

 Leanas ar aghaidh, ag déanamh níos mó in uair a chloig amháin ná cúpla lá fada san óstán.

An taca.





Ansan preabáin an cluaisín.



 
Ina dhiaidh sin, preabáin cluaisín an chéad chúrsa.
Agus arís deacrachtaí le clupaidí.






Agus cluaisín an tarna chúrsa.




 
 Agus tacaí na cúrsaí.





Preabáin tacaíochta na súilíní prais ar an gciumhais tosaigh.






 
Agus san déanta, do bhí sé in am an saothar téide a tbosnú. 
Dheineas an ceann mór ar dtúis - ón mbun, timpeall an taca, suas an ciumhais tosaigh agus timpeall an stuaic.
 









 


Ag feistiú na súilíní prais. Ar dtús bhí orm an ceann a scrios mé ar an long a dheisiú.
 

Agus ansan an tarna aighre, an ceann ag an gcluaisín.






 



Leis an aighre déanta, bhíos ábalta na cringligh a dhéanamh.





 













 















Anois, tá sé in am é a shíneadh amach chun féachaint air!

 Fuaireas an stuif so ó Toplicht. Táim chun triail as ar aighre an seol cinn agus chífead i gceann bliana an bhfuil aon difríocht ón bpríomh seol.




Um an dtaca san, thugas fé ndeara gur dheineas glan dearúd cringleach a dhéanamh ag an trót ar an bpríomh seol.

Agus ina dhiaidh sin, ní raibh fágtha ach na ribíní ar an dá sheol.

Ar dtús an seol cinn.
 



Agus ansan an príomh seol.


 
Focal suimiúil eile is ea é "ribín". Fadó fadó, céadta bliain ó shin, thugtar "reef ribbons" ar na rudaí seo i mBéarla, ach le fada an lá, thugtar "reef points" ortha. Is cosúil gur athraigh an focal in mBéarla, ach níor athraigh sé in nGaelainn.

Agus leis sin, tá na seolta críochnaithe.*

*Beidh an coirtiú le déanamh san earrach so chugainn.