01 June 2017

01/06/2017 - Ag tolladh 'is ag feistiú an feadán

Nuair a bhaineas an clós amach ag 07:30 ar maidin bhí Liam tosnaithe cheann féin.
Úsáideann sé an druilire an seafta den meaisín a chasadh agus téann sé isteach (nó amach) tríd an bpoll dá bhrí sin. Agus é ag obair a shlí tríd, baineann an fiacail gearrtha mion-méid ábhar ón taobh istigh den tollán.

Tar éis gach iarracht bogann Liam an fiacail amach beagáinín le haghaidh an chéad tardhul eile.

Agus leanann sé ar aghaidh mar sin - tardhul ina dhiaidh tardhul go mbeidh an tollán ag an leithead ceart, sé sin le rá, foirfe leis an feadán a ghlacadh, gan a bheith ró-scaoilte, gan a bheith ró-theann.
Ach chomh maith leis an feadán féin chaithfidh cuid den mír-deiridh dhul isteach freisin. Mar sin bhí orainn an poll a leathnú, ach ní an tslí ar fad isteach.




An feadán sa pholl.
Ach tá an-chuid feistiú fós le déanamh.

Amach leis an siséal agus an locar ar dtús.

Dul chun cinn, ach dar le gach duine, chaithfidh sé seo a bheith foirfe, agus is cosúil go bhfuil fadhb agam leis an mbolta sin ag dul tríd an post agus an cnaí deiridh.

Is cosúil go bhfuil an bolta sin ag teacht amach fén fráma seo, ach chaithfidh mé é a bhaint de.

Ar dtús bhíos ag ceapadh gurb é seo an bolta, ach ní raibh. Seo a dump a chuireamair tríd an fráma, isteach sa cnaí.

Bhí roinnt tochailt ag teastáil.
Sin ea é, an cnó taobh thiar den urláir. Bhaineas an cnó den bolta agus d'úsáideas slat cruach é a bhualadh amach. Ní raibh fonn air teach amach in aon chor, ach d'éirigh liom, agus le mo chnapchasúr, ag an deiridh, le beagán cabhair ó Fachtna.



Sin as an slí, leanas ar aghaidh leis an feistiú.
Mhol Liam agus Fachtna (iad beirt ag obair in aice liom sa bhothán ar dealbh le haghaidh an chíle de macasamhail an Saoirse),  péint a chuir ar éadan an mír deiridh agus é sin a úsáid chun íomhá an feire a phriontáil ar an adhmad. Ansin, a mhol siad, scríob na háiteanna ina bhfuil an péint le siséal agus déan arís agus arís eile é go mbeidh an feire go hiomlán priontáilte ar an adhmad. Ansin beidh sé feistithe i gceart, agus ní roimhe sin.
Arís agus arís agus arís agus arís eile, agus bhí an ceart acu, bhí dul chun cinn le feiscint.


Ach bhí mo chuid ama caite agam. Ní bheidh an feadán feistithe i gceart go mí Meán Fómhar nuair a bhead ar ais sa chlós. Ach anois tá turas loinge romham, agus ina dhiaidh sin a tsamhraidh, agus ina dhiaidh sin turas eile.
Go dtí sin, d'fhág mé slán leis an ngliomaire.