27 April 2016

27/04/2016 - Ag críochnú an stráca - tar éis SEACHTAIN!


Díreach isteach ag déanamh an tarna chuid den stráca sin ar maidin. An chéad rud gan amhras ná an spiling.




Agus ansin an gearradh amach.
Agus ansin an tochailt amach an cuar ionas go luíodh an clár in aghaidh na frámaí agus an trasnán gan scoilteadh. Anseo táim ag baint úsáid as sean "hollow plane" a bhí ag athair Liam agus John in aon uair amháin. Tá sé cosúil le gnáth plána ach tá cuar ar an mbos agus ar bhéal an iarann locair.



Sin an fáth a fhágaim roinnt breise ar bhun an clár. Is féidir liom an méid breise a bhaint de anois agus barr an clár feistithe agam.


Críochnaithe fé dheiridh!.

26 April 2016

26/04/2016 - Atosnú an tarna stráca.

Theip orm dallán ceart a dhéanamh agus a fheistiú ar maidin.Mar sin chinneas go ghearrfainn amach cruthanna ní ba éasca timpeall na cranraí agus go líonfainn na poill nua siúd.


Smaoineamh maith a bhí ann, ach tar éis tamall d'éirigh mé as. Bhí sé ag tógaint i bhfad an iomad ama agus ag an deiridh ní raibh bád lán le paistí ag teastáil uaim. Bhí an ceart ag Fachtna ag an deiridh - fé mar is gnáthach.

Agus de dheasca sin...bhí orm é a thosnú arís. Ar a laghad b'fhéidir liom an chéad ceann a rianú amach ar chlár bán nua gan aon spiling agus araile a dhéanamh.
Ag plánáil arís.

Ag gearradh an ascaill i gcomhar an rádal ag an ceann.


Mo chéimphlána nua.



Gnóthach ag am lón chomh maith.




Tubaistí eile.

Leath-déanta ag deiridh an lae.

25/04/2016 - Ag leanúint ar aghaidh leis an stráca nua.

Tháinig Liam isteach go moch ar maidin agus chonaic sé go díreach go raibh an líne leagtha amach droim ar ais agam. Thosnaíos arís mar sin, an slí ceart an uair seo!


Ag marcáil amach na leithid ón líne.





Agus anois plánáil síos go dtí an líne, agus an beibhil a chuir ar an éadan uachtarach.


Tríd an tiúsóir anois.
Ach na cranraí, na cranraí, na cranraí damanta!
Thit roinnt de na cranraí amach agus an clár ag dul tríd an bplánóir. Níos fearr anois ná nuair atá an bád amuigh ar an bhfarraige, ach ag an am céanna ní rabhas sásta é d'fheiscint.
Mhol Liam dom go mbead ábalta iad a dheisiú, mar sin leanas ar aghaidh á a fheistiú.

Roinnt beag obair le déanamh ar an rabóid.
Poill i ngach áit agus cranraí i mullach a chéile.




Ansin thit cranra eile amach, agus ceann eile!


Mhol Liam dom na poill a líonadh le dalláin, ach ba chóir dóibh a bheith gearrtha leis an snáithe.

Is fiú é a rá gur mhol Fachtna dom an clár go léir a dhéanamh arís nuair a chonac sé i mo lámha é  agus mé ag siúl thart.
Thosnaíos ar an jab sin ach bhí sé ró-dhéanach é a chríochnú inniu.