25 March 2021

24-25/03/2021 - An crann 7 an ceap treo

Beidh na blagiontráilacha go léir measctha suas as so amach. Bhíos ag bogadh ó jab go jab an t-am ar fad dá réir an aimsir, easpa ábhair agus uirlisí is araile.

Insan iontráil so, féachfad ar an gcrann, an ceap treo agus an tafta crainn.

Tá sé soiléir anois ná raibh an t-adhmad iomlán tirim nuair a dheineas an crann as. Tá sé tar éis triomú níos mó thar an dá bhliain so chaite agus tá fabhtanna tar éis oscailt ann.
Ní fadhb mór í seo, ach ní rud maith é ach an oiread.
Líonas na fabhtanna le puití tanaí agus ghlanas an breis. Ansan chuireas cóta Sikkens tharstu, agus ar aon áit eile ar an gcrann a bhí maol.


Ní rabhas sásta i 2019 le suíomh an crann. Bhí sé ag brú ar an ngarma rungála agus bá mhaith liom é a bhogadh chun tosaigh beagáinín.  Ba mhaith liom ráca beag a chuir ann freisin. Táim tar éis dul tríd an-chuid fótagraif i mbailiúchán Lawrence ar shuíomh idirlíona Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus déarfainn go raibh ráca tosaigh ar na crainn acu go minic.




 
 
 
An chéad rud le déanamh ná an leathar a bhaint den "páirtí crainn" sa tafta crainn.
Tá sé ar intinn agam gan é a chuir ar ais anso ag an deiridh ach é a chuir ar an gcrann ina áit.

 
Ansan, ghearras 10mm breise den tafta, agus dheineas iarracht beagáinín ní ba mhó a bhaint den mbarr chun an uillinn beag a chuir ann.


Cinnte bheadh fadhb agam anois leis an gceap treo.
Fuaireas píosa dair tirim go maith agus dheineas spásaire beag as.

D'fheisteas é ar bharr an ceap treo le scriúnna é, ach n'fheadar an mbeidh sé sin dóthain láidir - inseoidh an aimsir.

 

22 March 2021

22/03/2021 - 01/04/2021 - Seirbhísiú an inneall agus leictreachtaí

Ar ais ag an mbaile arís, ar deiridh, bhíos ar bíor an saothar adhmaid agus na rudaí eile mar sin a dhéanamh ar an mbád, ach roimhe sin bhí sé ní ba thábhachtaí an inneall a chuir i bhfeidhm i gceart agus na leictreachtaí a dheisiú.

An chéad rud le déanamh ná an ola a athrú. Níl aon phlocóid thaosctha san umar ola san inneall so, agus dá bhrí san bhí orm caidéal beag a úsáid lena thógaint amach.
Thug Dennis, fear a bhí ag obair sa chlós tamall ó shin, an caidéal beag so dom nuair a bhí sé ag díchoimisiúnú sean-bhád. D'aimsigh sé sa ruma é.

Dheineas an giarola ar dtúis.
Agus ansan an ola innill.
Agus ansan an scagaire ola.
Cheapfá go mbeadh jab simplí sa scagaire seo a athrú, ach ní raibh! An chéad rud a tharla na bhris an stropa leathar ar mo rinse scagaire (uirlis le haghaidh an jab áirithe so). Mar san, chuas isteach go dtí O'Driscoll's leis an scagaire nua, agus cheannaíos soicéad scagaire oiriúnach leis, ach nuair a fhilleas ar ais, do bhí an méid ar an sean-scagaire difriúil ón gceann nua agus bhí an soicéad gan maith.
Ar ais go dtí O'Driscoll's arís agus cheannaíos rinse eile, agus ar deiridh d'éirigh liom a scagaire a bhaint den inneall leis.
D'úsáideas an soicéad chun an scagaire nua a fheistiú.

An chéad rud eile le déanamh na na leictreachtaí.
Do bhí fadhbanna agam leis an bpainéal i 2019 (ní raibh an bád ar an uisce i 2020). Ar dtús bhí sé ag obair go foirfe, ach tar éis tamall bhí sé ag caochadh isteach is amach gan ciall ná míniú. Ag an deiridh bhí sé iomlán marbh. Agus mé cinnte go raibh an painéal féin ciontach, cheannaíos ceann nua annuraidh. An uair so, fuaireas painéal Type A, seachas Type B. Painéal níos simplí agus (tá súil agam) níos oiriúnaí don inneall so.
Ach tar éis an sean-phainéal a bhaint de, agus an ceann nua a cheangail, ní raibh aon athrú ar an scéal - fós marbh (sea, do luchtaíos an bataire roimh ré).
Ansan, bhaineas an seol sreang (úim) de, ó eagla go heagla go raibh an fhadhb ann - ach ní raibh - athrú ar bith.
OK, ghlacas leis b'fhéidir go raibh an fhadhb áit eile mar san.
 
Tar éis na líníochtaí leictreach a iniúchadh, d'aimsíos an fiús (30Amp), ach ní raibh aon fhadhb leis.



  
Ina dhiaidh sin fuaireas comhairle ó Brendan Lennox, sean-sparky atá ag deisiú a bhád féin sa chlós.
Chuaigh sé timpeall an inneall leis a ilmhéadar agus d'fhógair sé go raibh easpa voltas ann. Ní raibh fhios aige go díreach cá raibh an fhadhb, ach mhol sé bataire nua a fháil ar dtús.

Mar san, thógas an bataire amach agus d'ordaíos ceann nua ar líne.
 
 
Agus mé ag fanacht ar ceallra nua, leanas ar aghaidh le jabanna eile.
Rud amháin a bhí le déanamh ná an painéal nua a fheistiú. (Dála an scéal, d'úsáideas píosa adhmad Dhughlais a tharrtháileas ón sean-fhoirgneamh ghaelscoil sa Sciobairín. Tá píosa an sean-scoil son fós beo i mo bád anois!)

 
  
 
  
 

 
Ní cheapfá nach raibh an inneall so ach cúpla bhliain d'aois - tá sé salach agus meirgeach in áiteanna.
Ghlacas an deis é a ghlanadh beagáinín agus roinnt Hammerite a chuir ar an meirg.

 
Teacht an bataire nua!

Jab eile a bhí le déanamh i gcónaí ná an fuaimdhíonadh a fheistiú ar an mbosca os cionn an inneall.


N'fheadar an ndéanfaidh sé a lán difríocht, ach cheannaíos é tamall ó shin, agus níl aon dochar triail a bhaint as.

 

 
 
Leis an mbataire nua feistithe agus lán luchtaithe, bhí díomá an domhain orm nuair nach raibh aon biseach ar an scéal.
Thógas amach mo ilmhéadar féin agus thosnaíos ag tomhas an voltas i ngach aon áit ab fhéidir liom.
Tar éis tamall ag fiosrú, thugas fé ndeara go raibh an córas ag cailliúint timpeall 3 volta trasna an lasc aonrúcháin. Leis an uallachas ag éirí ionam, cheanglaíos an dá sreangán le chéile, (ag seachaint an lasc), agus go tobann las na soilse agus an shéid dordánaí sa phainéal!
 
 
 
 
 
 
Chuas isteach go dtí CH Marine chomh mear is a bhí i mo chosa (bhuel, i mo veain) agus cheannaíos lasc nua.
D'fheistíos an lasc, chuireas an t-uisce ar siúl, agus chasas an eochair agus...



N'fheadar cén fáth gur theip ar an sean-lasc, ach tar éis breis is dhá chéad Euro a chaitheamh ar painéal nua, agus breis is céad Euro a chaitheamh ar bataire nua, ba é lasc fiú níos lú ná fiche Euro a réitigh an fhadhb.

14 March 2021

14/03/2021 - Súlíní práis na cúrsaí agus marcáil amach na preabáin.

An deiridh seachtaine atá ann arís, agus ghlacas an deis dul síos go dtí an ceardlann bósain chun an súilíní  práis a dhéanamh le haghaidh na ribíní.



Ansan chinneas na preabáin a mharcáil amach.

An cluaisín.

Cluaisín an chéad chúrsa.

Cluaisín an tarna chúrsa.

Taca an tarna chúrsa.

Tacaí an chéad chúrsa agus an phríomh thaca.

Agus ina dhiaidh san, an stuaic.
Ar dtús ní rabhas ach chun é a mharcáil amach, ach chinneas ansan an preabán a ghearradh amach agus a ghreamú leis an tseol le bioráin dúnta.


Leanas ar aghaidh ansan leis an bpreabán sínithe an cluaisín.

Bhíos ag déanamh réidh leis na preabáin eile a ullmhu, ach bhíós ag éirí tinn tuirseach leis an saothar so.
Is beag lá atá fágtha agam ar bórd an tuaras so - roimh an deiridh seachtaine bead abhaile agus beidh an inneall fuála in aice láimhe. Beidh sé so i bhfad níos éasca agus níos tapúla sa bhaile, tar éis cúpla lá sosa.

D'fhilleas an tseol suas go néata, agus chuireas isteac i mo mhála é.