01 December 2014

An beart.

Mar a dhúras cheanna féin, ní saor báid mé. Mar sin, conas bád mar seo a dhéanamh? An freagra, glaoigh ar na saineolaithe!
Tá an t-ádh orm go bhfuil bádchlós án-ghar liom sa tSeanchúirte ag Liam Hegarty. In san chlós seo do bhí an Hanorah atógtha agus bíonn a lán obair ar bháid traidisiúnta ar siúl ann i gconaí.

Do bhí aithne agam ar Liam agus a dhearthár John roimh ré, mar sin do chuas síos chun cainte leo.

Sea, tá na múnlaí (cruthanna) acu.
Sea, tá spás i mbothán acu.
Sea, is féidir leo comhairle a thabhairt dom fé ábhair (adhmad agus eile) le ceannach.
Sea, is féidir liom na n-uirlisí mhóra a úsáid.
Sea, tá an n-oilteacht acu, cinnte is féidir leo cabhrú liom, ag €30 an uair a chloig!

Thug Liam liosta adhmad dom agus cúpla uimhir fón i gcomhar muilte sábhadóireachta. Shocraíomar go bhfaighidh mé na hábhair chomh luath agus ab fhéidir agus tosóidh an obair i Mí Eanáir 2015.

An beart sin déanta againn, do chuas abhaile ag smaoineamh "Cad atá tosaithe agam anseo?". :-)







No comments:

Post a Comment