09 May 2015

08/05/2015 An scarbhalt

Nuair a tháinig mé anuas go dtí an bádchlós inniu bhí Liam agus Fachtna agus John go léir gnóthach leis an dtrálaer mhór ar an bhfánán. D'ordaigh Liam do Paul Campbell cabhair a tabhairt dom, nó múnadh dom conas an scarbhalt a dhéanamh sa chíle.
Is siúinéir den scoth é Paul, agus sórt spailpín fánach ag taisteal ó áit go háit agus ó phost go post. D'oibrigh sé ar an Dunbrody agus tá aithne aige ar roinnt daoine a bhfuil in aithne agam óna bhíos féin ag obair uirthi i 2006.

Ar dtús mhol sé dom aghaidh amháin den dá phíosa a phlánáil deas cothrom. Ansin bheimis ábalta na uillinneacha go léir a leagan amach i gceart ón aghaidh sin.

Sin déanta, fuaireamar píosa sraithadhmad agus dheineamar deilbh den scarbhalt. Ansin bhreacamar an líne ón deilbh amach ar an dá phíosa den cíle.


Paul ag marcáil amach an deilbh nua.

Na línte déanta.

Mhúin Paul an cleas cliste seo dom: Thomhas sé an bearna idir imeall an sábh ciorclach agus an lann féin. Ansin mharcáil sé líne eile amach, comhthreomhar le líne an scarbhalt agus an fad sin uaithi.
Ansin theanntaigh sé píosa adhmad díreach síos ar an líne nua.

Níorbh le déanamh anois ach an sábh a choimeád i gcoinne taobh an píosa adhmad agus mé ag gearradh.


Bhí sin ceart go leor, ach beidh sé níos deacra iad a chuir le chéile díreach agus cothrom. Ach sin jab lá eile.



No comments:

Post a Comment