13 January 2016

13/01/2016 Ag déanamh frámaí

Bhíos ag obair le John Hegarty inniu, agus nach mór an difríocht a bhí ann. Ceapaim gur tháinig sé mar ionadh do John, níos mó ná a tháinig sé domsa! Tá seantaithí ag John ag tógáil puntaí agus ag obair ar na báid móra is na báid beaga sa chlós, ach níor thóg sé geál riamh. Uaireanta i rith an lae do bhí cuma míchompordach agus neamhchinnte air, ach leanamar ar aghaidh pé scéal é!

An chéad rud le déanamh ná an sparradh amach a chríochnú. Ar dtús bhí roinnt obair ar an rabóid de díth.






Ansin tharraingíomar amach na stiallacha le u.6, u.7, u.9, u.10 agus u.11.

An chéad fhadhb a chonaic John ná go raibh an marcáil amach déanta mícheart agam. Bhíos cinnte go ndúirt Fachtna dom nuair a bhíomar ag déanamh ná céad frámaí go mbíonn an deilbh ar an dtaobh tosaigh de na fráma i gcónaí, ach dar le John caithidís a bheith ar an dtaobh deiridh. Mar sin bheadh na beibhil go léir mícheart agam.
Níba dhéanaí thug mé fé deara conas a chuas ar strae. Toisc go gclaonann an sábh ar shlí amháin agus athríonn an bheibheal ó thaobh amháin go dtaobh eile i lár an báid caithfidh na deilbh a bheith ar aghaidh na frámaí sa leath tosaigh agus taobh thiar na frámaí sa leath deiridh.
De dheasca sin, bhí orainn gach ceann a marcáil amach arís ar an dtaobh eile de na cláir.




Ansin thosnaigh an feistiú.

Ag ath-marcáil amach.

























No comments:

Post a Comment