30 November 2016

30/11/2016 - Cóiriú ar son na rungáis.


Ar dtús ar maidin inniu, thosnaíos ag marcáil amach i gcomhar an rungás dheasbhoird, ach nuair a chonaic Liam é sin d'ordaigh sé an 'rungás uachtar' a dhéanamh roimhe sin. Bhí beagán mearbhall orm as sin toisc gur cheapas go rabhas ag déanamh an rungás uachtar, ach ansin thugas fé deara go raibh an inwale i gceist aige. Is é sin an ball den bhád chomhthreomhar leis an stráca lagbhoird agus fén slat boird. B'in an fáth ar mhol sé na trusanna a bhogadh síos - le go mbeidh mé ábalta barr na frámaí a chóiriú i gceart.




Thosnaíos ar an taobh deasbhoird ag marcáil amach an líne céanna ortha go léir, ach ní raibh Liam sásta leis. Dúirt sé liom blocán adhmad, 3 orlach ar leithead, a fháil agus é a úsáid chun marc a dhéanamh ag an mbarr agus ceann eile ag an mbun, agus ansin líne a scríobh eatarthu.

Sin déanta, do thosnaigh an fíor obair. D'úsáid mé an tarrscamhaire, an tál agus an locar leictreach chun iad a ghearradh siar go dtí an líne sin.
Bhí mo hailt scríobtha agus beo agus mo bhosa beo le spuaicí. Bhí mo dhroim stromptha agus mo ghlúnta nimhneach, ach d'éirigh liom fé dheireadh an lae.























No comments:

Post a Comment