16 February 2020

15/02/2020 - Ag leagaint amach na línte.

Tá an t-am tagtha na brait a leagaint amach agus na línte a mharcáil amach ortha.
Tá an t-ádh liom go bhfuil mé mór leis an leas-príomhoide sa Gaelscoil Dr. Uí Shuilleabháin, agus thug sí cead dom an halla spóirt a úsáid ar feadh cúpla uair a chloig.

Ach, dála an scéal, táim ag déanamh an próisis seo droim ar ais.
Ba cheart dom na línte a scríobh ar an urlár agus na héadaí a leagaint tharstu. Ach ní raibh an spás agam, nú t-am agam sa halla iad a dhéanamh sa chaoi sin. Pé scéal é, ní bheadh cead agam piocadáin a chuir san urlár sa seomra suí, ná an halla spóirt nua ach go háirithe.


Bhíos ag smaoineamh ar maidin, conas ab fhéidir liom na huillinneacha ceart a dhéanamh ar na héadaí agus mé ag líníocht amach na seolta?
Shocraíos ar deilbh a dhéanamh ar scála 15:1, agus bheinn ábalta na huillinneacha ortha siúd a meaitseáil leis na línte ar na héadaí.


An chéad rud a rith liom nuair a leagamair na brait amach ná go raibh siad ní ba chothroime ná a bhí mé ag iarraidh. Ach thugas fé deara nach raibh na himill díreach; bhí siad ag spré amach mar gheall ar an bolg sa lár. Gan priocadáin, ní rabhas ábalta iad a shíneadh amach díreach arís.
Tá súil agam nuair a ghearraim ná línte le cuar, chuirfidh sin dóthain bolg sa seol.

Bhíos ag úsáid líne cailce chun na línte díreacha a mharcáil, ach ansin (le mo lucht cabhair) d'iarramair cuarlíne cóir a dhéanamh leis an mbata líneála, ach bhí an bata ró-thiubh agus ró-righin, agus dá bhrí sin bhí sé deacair. N'fheadar an bhfuil dóthain cuar ann ag an deiridh.

Chomh maith leis sin, bhí sé deacair go leor na tomhais cearta a dhéanamh le chéile leis na huillinneacha cearta.
Do bhí an-chuid tástáil agus earráid ar bun, ach ar deiridh d'éirigh liom cruth éigin a dhéanamh. Tá súil agam go hoibríodh na seolta, ach níl siad díreach mar a chéile leis na dearaí.







Ag an bpointe seo, déarfainn go bhfuil leath an oibre déanta.
Fós tá bandaí neartaithe, bandaí taca, cringleacha, cringleacha rífeála, cróna súilíní, ribíní agus aighrí a dhéanamh.
Tógfaidh sé tamall fós!




An lucht oibre toilteanach! 



Aguisín 24/02/2021:

Agus mé ag cíor tríd an idirlíon ag lorg fótagraif de seolta traditiúnta, d'aimsíos an pictiúir seo - seolta nua don gliomadóir nua i Mericeá, Fiona.
Ba bhreá liom é so a fhescint roimhe mo sheolta a leagaint amach.


Tá an comhlacht so ag déanamh seolta álainne thall i Mericeá.






No comments:

Post a Comment