04 November 2015

04/11/2015 - Na príomh frámaí

Bhí a fhios agam cad a bhí le déanamh inniu nuair a tháinig mé chuig an clós; fráma a 5 agus cúpla urláir le ghearradh amach, na frámaí go léir le plánáil agus iad a chuir le chéile.

Ar dtús bhíomar ag iarradh gach taobh uimhir a 5 a ghearradh amach i bpíosa amháin, ach theip orainn mar gheall ar na leataobh a bhí ar fáil.

Ansin, chinneamar iad a dhéanamh as 4 phíosa, cosúil leis na cinn móra eile.



 Ach arís an lobh istigh i lár an leataobh adhmaid! Bhí an lobh le feiscint i gceann amháin de na ceithre phíosa sa stiall, ach cuireann sé amhras orainn faoin trí chinn eile - an bhfuil siad oiriúnach le húsáid in aon chor?
Tá sé ag cuir isteach go mór orainn faoi seo, ní amháin an diomailt airgead caite ar an adhmad ach an diomailt ama ag saothar in aisce (agus an méid airgead a chosnaíonn dom Fachtna a fháil ar feadh an lae).
 Dheineamair an píosa deasbhoird barr a chúig arís as píosa adhmaid eile, agus chaith mé cuid maith den maidin ag plánáil na píosaí go léir cothrom ar thaobh amháin, réidh le dul isteach sa tiúsóir (plánóir tiúchana).

Táimid ag déanamh na frámaí ag 1"⅜ ar tiús (35mm), agus baineann muid úsáid as an tiúsóir iad a phlánáil síos go dtí sin. Tubaiste ar mhuin tubaiste, nuair a chuireamar uimhir a 16 isteach, nochtadh féithe lobh a bhí folaithe faoin dromchla.
Bhí orainn an píosa sin a dhéanamh arís agus arís bhí lobh istigh ann. Den tríú uair dheineamair an píosa céanna agus ag an deiridh d'éirigh linn. 
Tá an cuir amú seo ag cuir as go mór dom anois.
Fachtna ag gearradh amach urláir.




Faoi dheiridh tá gach píosa de na príomh frámaí gearrtha amach agus réidh le cuir le chéile.




In alt na huaire seo á rudaí tá cúrsaí ar éirí an-suimiúil. Tá an clár sraithadhmad seo ag Fachtna óna dhein sé an Fionn, timpeall 2001, nó mar sin. Tá píosa beag ag giobadh amach ag an mbun, in ionad an bunchlár agus bíonn na píosaí suite le chéile ar sin. Tá na leathleithid marcáilte amach ar an gclár cheanna féin, só tá sé éasca iad a ailíniú i gceart air. Cinnte caithidís bheith cearnógach agus caithfimid bheith cinnte go bhfuil gach rud ceart, ach beidh an clár seo ina chabhair go mór dúinn.
Aon botún anseo agus ní bheidh an bád ceart go deo.




Roinnt ceirfáil ag an mbun.

Ag triail as na boltaí.

Beagánín  prímeálach ar na radál sara cuirfimid le chéile amárach iad.


Bhí Kevin O'Farrell timpeall na háite arís inniu:



03 November 2015

03/11/2015 Ag tosnú na easnacha (frámaí)

Tar éis moill fada, chasamar ar an obair arís inniu.

An chéad jab le déanamh ná na hionaid na frámaí a mharcáil amach ar an mbunchlár.  Bhí orainn an Fionn a thomhais athuair le bheith cinnte go mbeidh gach easna in ord agus in eagar.
Ar dtús thosamar an fad idir tosach an chíle agus fráma a 12 agus an bearna idir gach fráma eile as sin. Den chuid is mó bhí an bearna mar 14 orlach, ach bhí roinnt acu 12", 12 go leith, 13" agus mar sin.



Ansin d'fhéach mé ar an cairn adhmad darach a bhí á thriomú agam ón geimhreadh seo chaite.
Níor fhéach siad ró-mhaith, ach níl an stuif dubh sin ach ar an ndromchla, scuabóg beag den phlána agus beidís ceart go leor.


Fachtna ag déanamh uillinntomhas le haghaidh an crios-sábh le go mbeimid ábalta an beibheal a ghearradh sna heasnacha.



An gnáth fadhb leis an adhmad; cranraí, grianscoilteanna, snáithe mícheart agus píosaí lofa.
Tagann an chuid is mó de na frámaí i cúig phíosa; deasbhoird barr, deasbhoird bun,  clébhoird barr agus clébhoird bun agus an "ground timber" nó urlár.




Líneálamar amach iad, cosúil leis na píosaí eile. Do bhí na beibhil marcáilte amach ar na deilbh, só thomhaiseamar na huillinneacha agus scríobh Fachtna ar na cláir adhmad iad. Shocraíomar bord an crios-sábh ag an uillinn ceart ar dtús agus nuair a bhí Fachtna ag gearradh ghlaoigh sé amach na hathruithe mar a tháinig siad. Chas mé an roth chun uillinn an boird a athrú de réir orduithe Fhachtna.

Mo léan ghéar! Féach cad a bhí istigh i lár cuid maith den dair. Seo iad na "sweeps" a fuaireamar i gCill Chóiche roinnt míosa ó shin agus tá formhóir de do-úsáidte. Cuireann sé seo fíor gruaim orm. Cuireann sé níos mó moill ar an tionscadal agus ní mór dom anois tuilleadh adhmad a fháil.








Ar a laghad, bhíomar in ann na príomh-frámaí a ghearradh amach, uimhreacha a 3, 8, 12 agus a 16. Tá uimhir a 5 réidh le gearradh amach amárach.






Roinnt fótagraif ó Kevin O'Farrell:






16 October 2015

Costais ag méadú

Bíonn na costais ag méadú an t-am ar fad ach gan aon dul chun cinn ar an tionscadal.



01 September 2015

01/07/2015 Ag boltáil an cnaí deiridh.



Tar éis an deiridh seachtaine níorbh lé déanamh ach boltaí a chuir tríd an cnaí deiridh.

Fachtna ag fáil an spraoi go léir arís.





21 July 2015