03 November 2015

03/11/2015 Ag tosnú na easnacha (frámaí)

Tar éis moill fada, chasamar ar an obair arís inniu.

An chéad jab le déanamh ná na hionaid na frámaí a mharcáil amach ar an mbunchlár.  Bhí orainn an Fionn a thomhais athuair le bheith cinnte go mbeidh gach easna in ord agus in eagar.
Ar dtús thosamar an fad idir tosach an chíle agus fráma a 12 agus an bearna idir gach fráma eile as sin. Den chuid is mó bhí an bearna mar 14 orlach, ach bhí roinnt acu 12", 12 go leith, 13" agus mar sin.



Ansin d'fhéach mé ar an cairn adhmad darach a bhí á thriomú agam ón geimhreadh seo chaite.
Níor fhéach siad ró-mhaith, ach níl an stuif dubh sin ach ar an ndromchla, scuabóg beag den phlána agus beidís ceart go leor.


Fachtna ag déanamh uillinntomhas le haghaidh an crios-sábh le go mbeimid ábalta an beibheal a ghearradh sna heasnacha.



An gnáth fadhb leis an adhmad; cranraí, grianscoilteanna, snáithe mícheart agus píosaí lofa.
Tagann an chuid is mó de na frámaí i cúig phíosa; deasbhoird barr, deasbhoird bun,  clébhoird barr agus clébhoird bun agus an "ground timber" nó urlár.




Líneálamar amach iad, cosúil leis na píosaí eile. Do bhí na beibhil marcáilte amach ar na deilbh, só thomhaiseamar na huillinneacha agus scríobh Fachtna ar na cláir adhmad iad. Shocraíomar bord an crios-sábh ag an uillinn ceart ar dtús agus nuair a bhí Fachtna ag gearradh ghlaoigh sé amach na hathruithe mar a tháinig siad. Chas mé an roth chun uillinn an boird a athrú de réir orduithe Fhachtna.

Mo léan ghéar! Féach cad a bhí istigh i lár cuid maith den dair. Seo iad na "sweeps" a fuaireamar i gCill Chóiche roinnt míosa ó shin agus tá formhóir de do-úsáidte. Cuireann sé seo fíor gruaim orm. Cuireann sé níos mó moill ar an tionscadal agus ní mór dom anois tuilleadh adhmad a fháil.








Ar a laghad, bhíomar in ann na príomh-frámaí a ghearradh amach, uimhreacha a 3, 8, 12 agus a 16. Tá uimhir a 5 réidh le gearradh amach amárach.






Roinnt fótagraif ó Kevin O'Farrell:






No comments:

Post a Comment