13 January 2016

13/01/2016 Ag déanamh frámaí

Bhíos ag obair le John Hegarty inniu, agus nach mór an difríocht a bhí ann. Ceapaim gur tháinig sé mar ionadh do John, níos mó ná a tháinig sé domsa! Tá seantaithí ag John ag tógáil puntaí agus ag obair ar na báid móra is na báid beaga sa chlós, ach níor thóg sé geál riamh. Uaireanta i rith an lae do bhí cuma míchompordach agus neamhchinnte air, ach leanamar ar aghaidh pé scéal é!

An chéad rud le déanamh ná an sparradh amach a chríochnú. Ar dtús bhí roinnt obair ar an rabóid de díth.






Ansin tharraingíomar amach na stiallacha le u.6, u.7, u.9, u.10 agus u.11.

An chéad fhadhb a chonaic John ná go raibh an marcáil amach déanta mícheart agam. Bhíos cinnte go ndúirt Fachtna dom nuair a bhíomar ag déanamh ná céad frámaí go mbíonn an deilbh ar an dtaobh tosaigh de na fráma i gcónaí, ach dar le John caithidís a bheith ar an dtaobh deiridh. Mar sin bheadh na beibhil go léir mícheart agam.
Níba dhéanaí thug mé fé deara conas a chuas ar strae. Toisc go gclaonann an sábh ar shlí amháin agus athríonn an bheibheal ó thaobh amháin go dtaobh eile i lár an báid caithfidh na deilbh a bheith ar aghaidh na frámaí sa leath tosaigh agus taobh thiar na frámaí sa leath deiridh.
De dheasca sin, bhí orainn gach ceann a marcáil amach arís ar an dtaobh eile de na cláir.




Ansin thosnaigh an feistiú.

Ag ath-marcáil amach.

























08 January 2016

07/01/2016 Ag díol adhmad.


Mhol Fachtna dom tamall ó shin gan an adhmad lofa seo a úsáid arís. D'íoc mé €750 as na stiallacha darach seo, só ba mhaith liom roinnt den airgead sin a fháil ar ais. Ní fhuaras  aon sásamh as John Harringer sa muileann sábhadóireachta i gCill Chóiche mar sin labhair mé le Charlie Huffer sa margadh sa Sciobairín agus d'aontaigh sé iad a cheannach díom le €350 i gcomhar cathaoireacha agus boird agus eile.







Faraor, nuair a bhíos ag iompar na cláir móra le Charlie bhris mé mo fón i mo phóca. Níor thugas fé dara é go dtí go rabhas réidh le suigh isteach sa charr, agus is cosúil nach raibh mo aigne ar an jab nuair a thiomáin mé amach as mo spás páirceála mar scríob mé taobh an carr ar leantóir báid agus mé ag casadh timpeall.
Is cosúil nach shábháil mé an €350 sin ag deiridh an lae :-(

06 January 2016

06/01/2016 Glanadh suas


Ag deiridh an lae inné bhíos ag obair sa dorchadas agus sa bháisteach agus ní rabhas cinnte inniu go raibh gach rud déanta i gceart, ach go háirithe le u.20. Chomh maith le sin, cheapas, b'fhéidir le roinnt athrú bheaga go mbeadh mé ábalta an taobh deasbhord u.18 a dhéanamh ina iomlán as píosa amháin.





D'éirigh liom, ach nílim cinnte go ghlacfadh Fachtna iad (nó cuid maith den méid ar fad atá marcáilte agam) nuair a feicfidh sé iad ar an Luan!


05 January 2016

05/01/2016 Tuilleadh marcáil amach.


D'atosnaigh obair sa bhádchlós ar an Luan, ach dúirt Liam liom nach mbeadh Fachtna saor chun cabhrú go dtí an Luan seo chugainn. Ach ag an am chéanna bhí stiallacha darach nua faighte ag John dom agus bhí an seans agam leanúint ar aghaidh leis an marcáil amach.



An gnáth scéal. Bhí cranraí agus píosaí lofa i gcuid maith acu, ach ag an am céanna bhí snáithe deas cam i gcuid maith acu.










Bhí an méid cranraí agus eile i roinnt acu go raibh siad gan maith ar bith.


Bhí fadhb agam leis an ndeilbh i gcomhar u.17. Is cosúil go raibh sé ró-ghéar. Ach labhair mé le Fachtna agus d'aontaíomar b'fhéidir go raibh sé mí-cheart an "toe-piece" a bhaint de an chéad lá.


Ag cuir an méar coise ar ais ar an deilbh.

An méid ceart arís.




Déanta inniú:

U. 6 urlár, barr clébhord 7 deasbhord.
U. 7 urlár, barr clébhord 7 deasbhord.
U. 9 barr deasbhord.
U. 11 barr deasbhord 7 clébhord.
U. 17 bun clébhord 7 deasbhord, barr clébhord 7 deasbhord.
U. 18 bun clébhord, barr clébhord 7 deasbhord agus clébhord ina iomlán.
U. 19 clébhord 7 deasbhord ina iomláin.
U. 20 bun clébhord 7 deasbhord, barr clébhord 7 deasbhord.

Ag deiridh an lae bhí sé ag eirí dorcha agus bhíos féin ag eirí tuirseach. Nílim róshásta leis an cúpla rud deireanach a bhí déanta agam.