06 February 2017

06/02/2017 - Ag feistiú na rungáis

Má bhíos ag súil go mbeadh sé éasca na rungáis a fheistiú an uair seo, i ndiaidh an méid camadh a dheineas thar an deiridh seachtaine, bhí dul amú orm!
Bhuel, b'fhéidir go rabhadar ní ba fhusa ná do bheidís gan aon lúbadh, ach fós bhí deacrachtaí agam.

 Tar éis comhairle Liam dheineas cuid maith cóiriú ar na frámaí ach fós, thóg sé an-chuid iarracht iad a chasadh agus a lúbadh isteach ina áit. Ach ar a laghad, chuaigh siad isteach gan aon scoilteadh mór millteach.


Na píosaí deiridh déanta, bhí sé in am na píosaí tosaigh a dhéanamh.

An smaoineamh a bhí agam an ceann tosaigh a chuir os cionn an ceann deiridh agus gearr tríd chun bunalt foirfe a chruthú...
...ach tar éis iad a ghearradh leis an sábh creatach bhí bearna mór eatarthu. Ní thuigim conas a tharla sé, ach tá sé ann.

Ansin bhí píosa beag le sciotadh i dtosach an bháid.

Nach mór ann.

Le ciall ceannaithe as mo chéad thaithí, dheineas an tarna cheann beagáinín difriúil, ach fós ní raibh sé foirfe ag an deiridh.

Níl siad foirfe, ag de réir a chéile tá an tionscadal ag gluaiseacht ar aghaidh. Ba é seo céim beag eile chun cinn.


Bhí rogha agam anois:
1. Lean ar aghaidh leis an uchtán agus na cnaíocha agus araile.
2. Déan an cácáil ar na séamaí atá réidh anois.
Roghnaíos an cácáil, nó corcáil a dhéanamh.

An chéad rud mar sin ná na séamaí a oscailt. Deinim é sin leis an iarann corcála a bhualadh isteach idir na plainc chun spás a dhéanamh eatarthu.
Obair te a bhí inti.
Agus mall.
Agus leadránach.
Ach caithfad é a dhéanamh.

04 February 2017

04/02/2017 - Beagáinín péinteáil, ag ullamhú le haghaidh an Luan.

Ag lorg uair a chloig órga arís ar maidin Sathairn, tháinigeas chun ligh beag prímeálach a chuir ar chúl na rungáis. Níorbh fhéidir liom é sin a dhéanamh inné toisc go raibh eapocsach fliuch agam orthu.
Thugas cúpla gheábh leis an gcriosghreanóir ar dtús.

Agus iad péinteáilte chas mé timpeall iad agus chuir an meáchan orthu arís.

Ligh beag ar na frámaí freisin.

Agus sin é go dtí an Luan.





03 February 2017

03/02/2017 - Na rungáis arís.

An chéad jab a bhí agam inniu ná na dalláin ar an deasbhoird a sciotadh agus ansin an tslatbhoird a ghreanadh.

Agus ansin cóta ola.





Ach an príomh jab inniu ná na baill tosaigh de na rungáis a dhéanamh.
Ar dtús, roinnt cóiriú ar na frámaí.
Ansin an spiling.

B'fhéidir liom gearrthóg a úsáid sa chuid seo. Thaitin sé sin liom!

Agus é gearrtha amach, cóiriú leis an bplána siúnta.




Agus arís, chas mé thart é agus d'úsáid mé taobh amháin mar dheilbh le haghaidh an taobh eile.

Agus an próiseas céanna arís.


John ag magadh fúm as a bheith i gcónaí ag tógaint fótagraif!

Seo an píosa adhmad a scríobh mé agus mé ag gearradh píosa eile os a gcionn cúpla mhí ó shin. Tá an gúiste sin fós ann agus beidh orm é a líonadh le líontóir éigin ar ball.

Agus mé ag críochnú suas leis an lae, dheisigh mé an cinn craiceáilte le eapocsach agus chrochas na ceithre cinn le meáchain chun cuar a chuir iontu. N'fheadar an oibreoidh sé nó an cabhróidh sé ar chor ar bith, ach táim ag triail as pé scéal é.



02 February 2017

02/02/2017 - Beagnach críochnaithe leis an gunail chlébhoird.


Tá an sága mór na slat bord nach mór críochnaithe.

Ar dtús inniu beagáinín plánáil agus cóiriú ar an deasbhoird.


Ansin an ábhar breise óna dalláin ar a gclébhoird a bhaint agur an méid go léir a ghreanadh leis an gcriosghreanóir.

Ag féachaint ar na torthaí...níl sé foirfe, ach níl cuma ró-dhona air ach an oiread.
Ach níl an t-am agam le bheith ag seasamh siar ag féachaint go sásta ar mo chuid oibre - tá an iomad fós le déanamh. An chéad rud eile ná na scriúnna agus dalláin ar an deasbhoird.




 Agus ansin níos mó cóiriú ar an imeall.

Agus ag deiridh an lae, ola. Trí chuid pairifín, cuid amháin ola rois agus steall tuirpintín.




01 February 2017

01/02/2017 - Dalláin.


Do bhí sé in am na scriúnna sealadach a thógant amach agus na cinn seasta cruach dhosmálta a chuir ann. Ansin líonas na poill leis na dalláin a dheineas cúpla lá ó shin

Fé mar is gnáthach, bhí fadhbanna agam. Do bhris na cinn de roinnt na scriúnna agus iad go domhain istigh sa tslat bhoird. Chomh maith le sin níor fháisc na scriúnna na bearnaí idir an clár agus an rungás agus stráca uachtair thíos. Bhí orm i bhfad ní ba mhó scriúnna a chuir ann na a shíl mé, agus ní hamháin isteach i mbarra na frámaí ach isteach sa stráca uachtair freisin.
Dúirt Fachtna liom ní ba dheireanaí gur úsáid mé scriúnna i bhfad ró-chaol, 4mm x 50mm. Ba chóir dom b'fhéidir 5mm nó 5.5mm x 50mm a úsáid. Pé scéal é, tá sé ró-dhéanach anois.
Dó bhí beirt cuairteoir speisialta ag an gclós inniu - m'athair 'is a leannán Siobhán. Thánadar leis an tionscadal a fheiscint agus d'imíomar le chéile le haghaidh lón.
B'in deiridh leis an obair inniu.