06 February 2017

06/02/2017 - Ag feistiú na rungáis

Má bhíos ag súil go mbeadh sé éasca na rungáis a fheistiú an uair seo, i ndiaidh an méid camadh a dheineas thar an deiridh seachtaine, bhí dul amú orm!
Bhuel, b'fhéidir go rabhadar ní ba fhusa ná do bheidís gan aon lúbadh, ach fós bhí deacrachtaí agam.

 Tar éis comhairle Liam dheineas cuid maith cóiriú ar na frámaí ach fós, thóg sé an-chuid iarracht iad a chasadh agus a lúbadh isteach ina áit. Ach ar a laghad, chuaigh siad isteach gan aon scoilteadh mór millteach.


Na píosaí deiridh déanta, bhí sé in am na píosaí tosaigh a dhéanamh.

An smaoineamh a bhí agam an ceann tosaigh a chuir os cionn an ceann deiridh agus gearr tríd chun bunalt foirfe a chruthú...
...ach tar éis iad a ghearradh leis an sábh creatach bhí bearna mór eatarthu. Ní thuigim conas a tharla sé, ach tá sé ann.

Ansin bhí píosa beag le sciotadh i dtosach an bháid.

Nach mór ann.

Le ciall ceannaithe as mo chéad thaithí, dheineas an tarna cheann beagáinín difriúil, ach fós ní raibh sé foirfe ag an deiridh.

Níl siad foirfe, ag de réir a chéile tá an tionscadal ag gluaiseacht ar aghaidh. Ba é seo céim beag eile chun cinn.


Bhí rogha agam anois:
1. Lean ar aghaidh leis an uchtán agus na cnaíocha agus araile.
2. Déan an cácáil ar na séamaí atá réidh anois.
Roghnaíos an cácáil, nó corcáil a dhéanamh.

An chéad rud mar sin ná na séamaí a oscailt. Deinim é sin leis an iarann corcála a bhualadh isteach idir na plainc chun spás a dhéanamh eatarthu.
Obair te a bhí inti.
Agus mall.
Agus leadránach.
Ach caithfad é a dhéanamh.

No comments:

Post a Comment