18 November 2015

18/11/2015 Ag marcáil amach frámaí


Bhíos ag obair i m'aonar inniu, agus caithfead a rá go raibh sé go deas a bheith ag obair ar mo luas féin agus ag déanamh rudaí amach dom féin arís, seachas de shíor a bheith ag lean ar Fhachtna ar nós coileán.

Mo thasc inniu ná na céadta frámaí eile a mharcáil amach ar an adhmad nua.

Seo próiseas na beibhil a mharcáil amach ar an leataobh darach:

Tá uillinn an beibheal scríobtha ar thaobh an deilbh ónar dheintear í. Anseo táim ag socrú an fiarbhacart ag an uillinn ceart.



Ansin cuirim an fiarbhacart in aghaidh an lann den crios-sábh agus casaim an bord go dtí an beibheal céanna.

Ansin léim an uillinn ón gclár agus scríobhaim ar an deilbh í

Ansin bíonn na huillinneacha aistrithe go dtí an fráma, réidh le gearradh amach.

 
Tá roinnt de na deilbh ag titim óna chéile agus táid greamaithe le paistí. Uaireanta, mar gheall ar na paistí bíonn sé deacair na huillinneacha a fheiscint i gceart. Beidh orm iad a cinntiú le Fachtna sara ghearrfaimid amach iad.






Ag tógaint áireamh ar an dul chun cinn ag deiridh an lae:

Frámaí críochnaithe :-

U. 3, 5, 8, 12, 16.

Marcáilte amach, ach ní ghearrtha :-

U. 2, clébhord.
U. 4, clébhord.
U. 6 bun, deasbhord.
U. 7 bun, deasbhord.
U. 9 bun, deasbhord.
U. 10 barr, clébhord 7 deasbhord.
U. 10 bun, clébhord 7 deasbhord.
U. 11 barr, deasbhord.
U. 13, úrlár.
U. 13 barr, clébhord 7 deasbhord.
U. 13 bun, clébhord 7 deasbhord.
U. 14 barr, clébhord 7 deasbhord.
U. 14 bun, clébhord 7 deasbhord.
U. 15 barr, clébhord 7 deasbhord.
U. 15 bun, clébhord 7 deasbhord.

Fós le déanamh:-

U. 1, clébhord, deasbhord 7 úrlár.
U. 2, deasbhord 7 urlár.
U. 4, deasbhord 7 urlár.
U. 6 bun clébhord 7 urlár.
U. 6 barr, clébhord, deasbhord.
U. 7 bun, clébhord 7 urlár.
U. 7 barr, clébhord, deasbhord.
U. 9 bun, clébhord 7 urlár.
U. 9 barr, clébhord 7 deasbhord.
U. 10 urlár.
U. 11 bun, clébhord, deasbhord 7 urlár.
U. 11 barr, clébhord.
U. 14 urlár.
U. 15 urlár.
U. 17 bun, clébhord, deasbhord 7 urlár.
U. 17 barr, clébhord, deasbhord.
U. 18 bun, clébhord, deasbhord 7 urlár.
U. 18 barr, clébhord, deasbhord.
U. 19 bun, clébhord, deasbhord 7 urlár.
U. 19 barr, clébhord, deasbhord.
U. 20 bun, clébhord, deasbhord 7 urlár.
U. 20 barr, clébhord, deasbhord.





14 November 2015

12/11/2015 - An rabóid tosaigh agus ag sparradh amach taobh amháin.


An beart atá againn ná na caolaigh a chuir  (sparradh amach?) ar thaobh amháin chun cruth na báid a dhéanamh agus na frámaí eile a leagan amach sa chruth sin. Sin déanta sparrfaimid amach an taobh eile agus críochnóimid na frámaí. Ach caithfidh na barr caolaigh beith istigh ar an dá thaobh ar dtús.



Scríobh Fachtna leithead an stráca uachtair ar gach fráma agus ansin thomhas sé síos ón líne lagbhoird an fad sin (tóg 3/4 orlach i gcomhar an rádal) agus ghearr sé an eang amach ag an líne sin. Tá an tarna chaolach feistithe isteach san eang sin. Is é an líne lagbhoird é an caolach uachtair agus barr an tarna stráice an tarna caolach.
Bhí eang mór le gearradh amach as an dtrasnán.






Cruth deas na báid le feiscint go soiléir anois.

Mharcáil Fachtna amach an rabóid tosaigh agus thosnaigh sé ag gearradh amach é le tál agus siséal. Úsáidtear caolach beag tanaí chun an rabóid a mharcáil amach.


Ansin mharcáilamar amach an rabóid deasbhoird agus chas mé ar é a ghearradh amach.




Luíonn na strácaí isteach sa rabóid i gcoinne an post tosaigh agus an naprún, só caithfidh an rabóid bheith sách domhain i gcomhar an planc (3/4 orlach).











Lean Fachtna ar aghaidh leis na caolaigh agus bhí ar roinnt féiráil a dhéanamh ar na frámaí chun iad a chuir suas i gceart.


Agus é ag triomú i gcónaí tá fabhtanna agus cros-scáineadh ag teacht san adhmad darach. Chuir mé roinnt prímeálach ar na píosaí dona.












Agus tuilleadh ó Kevin O'Farrell:



https://www.facebook.com/KevinOFarrellPhotographer/videos/10153770239407072/














11 November 2015

11/11/2015 - An líne lagbhoird agus na céadta caolaigh.

Go moch ar maidin inniu, an chéad rud, d'iniúch mé an obair a bhí déanta ag Fachtna tráthnóna inne i mo neamhláithreacht. Níor dhein sé a lán is cosúil!


Ansin, leanamar ar aghaidh ag ullmhú i gcomhar na caolaigh.

Coinníonn na caolaigh na frámaí ceartingearach agus san áit ceart ach  chomh maith le sin úsáidtear iad chun an líne lagbhoird agus ardú an trasnán agus an tosach a mharcáil amach.
Ní mór don na hairdí lagbhoird a bheith ceart, só amach linn arís ag tomhais an Fionn - dá mbeadh aon bhotún déanta anois ní bheidh cruth an bháid ceart go deo.






Chaitheamar an-chuid ama ag cuir an caolach clébhoird in ionad. Ag an deiridh bhíos sásta leis an líne agus an cruth deas agus cóir.
Tar éis an méid sin, cinnte dheinas dearúd fótagraif a fhail, ach gheobhaidh mé ceann nó dhó arú amárach. Is féidir líne an bháid a fheiscint anois, agus tá sí go deas!

Ina dhiaidh sin chasamar ar an taobh deasbhoird. Anois an jab ná go bheith cinnte go mbeidh an dá thaobh díreach mar a chéile agus ag an am chéile an seans deireanach na frámaí a chuir dronuilleach agus ceartingearach. Obair mall a bhí ann, toisc go bhfuil na frámaí ag casadh agus nuair a bhogtar píosa amháin bogann gach píosa eile agus tosnaíonn an obair arís!
Ní bheinn ag an clós amárach ach casfaimid ar arís ar an Aoine.