25 January 2017

25/01/2017 - Cúl an tslat bhoird (deasbhoird)

An chéad rud le déanamh ar maidin ná an scarbhalt a ullmhú ar an bpíosa tosaigh den tslat-bhoird ar dheis.



Ansin ullmhú i gcomhar an cuid deiridh den tslat-bhoird.



Amach leis an deilbh arís ansin agus marcáil agus gearradh amach.

Tús maith...

Seo é conas an beibhil ceart a chuir sa chríoch.
1. Úsáid bloc adhmaid chun líne chomhthreomhar leis an trasnán a scríobh.

2. Tomhas an uillinn leis an fiarbhacart.
3. Aistrigh an uillinn sinn go dtí an chéad líne.


4. Gearr in aice leis an líne sin le sábh.
5. Cóirigh le blocphlána.
Sin déanta, chuireas an píosa sin suas arís agus dheineas cuid maith den cóiriú ar an imeall amuigh leis an bplána leictreach. In san áit sin, mharcáil mé an taobh istigh chomh maith.

Ansin, anuas leis agus ghearras amach an taobh istigh, gar leis an líne. Ligh prímeálach ansin agus bhí sé sin é inniu é.



24 January 2017

24/01/2017 - An slat bhoird ar dheis.


An chéad rud ar maidin ná an reanglamán de rud sin a chríochnú - an deilbh atá i gceist agam cinnte. A leithéid de re le choimeád le chéile agus cothrom agus araile.

D'éirigh liom ag an deiridh agus ghearras amach an cuid tosaigh den ghunail deasbhoird.

An píosa tosaigh.




Ag feistiú an beibheal ar an bpíosa tosaigh de.

Níl sé ró-dhona, ach tá cuid beag oibre eile le déanamh.



Réidh le marcáil arís ar an mbonn le gearradh níos cruinne.

Ag gearradh an líne nua.

Agus suas uirthi arís léi.
Greamaithe síos go sealadach le roinnt scriúnna.

23 January 2017

23/01/2017 - Ag feistiú an slat bhoird.

An cuid tosaigh feistithe, chuireas leathdhosaen scriú tríd an píosa chun é a choimeád ina áit. Ansin thosnaíos ag feistiú na himill, agus botún mór ba é sin.
Dhá fáth:
1. Chomhairligh Liam ceathrú-orlach a fhágáil ag an imeall amuigh - ní le haghaidh lamháil earráide, ach le haghaidh liopa a fhágáil ar an ghunail taobh amuigh agus os cionn an stráca uachtair.
2. In iarghaois, bheadh sé i bhfad ní b'fhusa an feistiú agus cóiriú a dhéanamh i ndiaidh an dá phíosa a scarbhaigh le chéile.

Pé scéal é, leanas ar aghaidh go sona sásta i ngan fios dom go rabhas ag cruthú an-chuid obair breise dom fhéin.

Ligh beag prímeálach.
Agus ag fáil fé réir leis an scarbhalt.

Agus trasna go dtí an taobh deasbhoird. An chéad rud le déanamh ná ceann de na tacaí a thógaint anuas. Ansin beagáinín leibhéaladh le déanamh.



Breá cothrom ag an deiridh.
Ansin thriail mé as an píosa i gcomhar an taobh clébhoird a úsáid mar deilbh i gcomhar an taobh deasbhoird. Chas mé bun os cionn é agus leagas síos ar an malairt taobh é. Bhí a cruth beagnach ceart, ach ní raibh sé díreach feiliúnach. Bhíodh orm deilbh nua a dhéanamh le haghaidh an taobh eile.

Leanas ar aghaidh le sin.

Rud an-chiotach ba ea é an deilbh reangach seo!