23 January 2017

23/01/2017 - Ag feistiú an slat bhoird.

An cuid tosaigh feistithe, chuireas leathdhosaen scriú tríd an píosa chun é a choimeád ina áit. Ansin thosnaíos ag feistiú na himill, agus botún mór ba é sin.
Dhá fáth:
1. Chomhairligh Liam ceathrú-orlach a fhágáil ag an imeall amuigh - ní le haghaidh lamháil earráide, ach le haghaidh liopa a fhágáil ar an ghunail taobh amuigh agus os cionn an stráca uachtair.
2. In iarghaois, bheadh sé i bhfad ní b'fhusa an feistiú agus cóiriú a dhéanamh i ndiaidh an dá phíosa a scarbhaigh le chéile.

Pé scéal é, leanas ar aghaidh go sona sásta i ngan fios dom go rabhas ag cruthú an-chuid obair breise dom fhéin.

Ligh beag prímeálach.
Agus ag fáil fé réir leis an scarbhalt.

Agus trasna go dtí an taobh deasbhoird. An chéad rud le déanamh ná ceann de na tacaí a thógaint anuas. Ansin beagáinín leibhéaladh le déanamh.



Breá cothrom ag an deiridh.
Ansin thriail mé as an píosa i gcomhar an taobh clébhoird a úsáid mar deilbh i gcomhar an taobh deasbhoird. Chas mé bun os cionn é agus leagas síos ar an malairt taobh é. Bhí a cruth beagnach ceart, ach ní raibh sé díreach feiliúnach. Bhíodh orm deilbh nua a dhéanamh le haghaidh an taobh eile.

Leanas ar aghaidh le sin.

Rud an-chiotach ba ea é an deilbh reangach seo!

No comments:

Post a Comment