23 April 2018

23/04/2018 - Ag tosnú ar na taftaí.


Mothaím mar a bhíos ag obair ar an urlár go deo na ndeor, ach ar deiridh táim ag tabhairt mo aird ar rudaí níos suimiúla - na taftaí.
Dúras le Liam tamall ó shin go raibh sé ar intinn agam Dúghlais a úsáid ar son na taftaí, agus dá bhrí sin mhol sé iad a dhéanamh an-thiubh. Ghlacas a fhocal agus fuaireas an trí phíosa thiubh seo. Ach, mar is dual dom, dheineas botún as na tomhais agus tá ceann amháin acu ró-ghearr. 

D'iarras ar Liam teacht isteach chun roinnt comhairle agus treoracha a thabhairt dom, ach gan choinne d'inis sé dom barr an stuimine a sciotadh roimh aon rud eile.
Ní rabhas ag glacadh aon seans an uair seo tar éis mo bhotún leis an uchtán.

Mar is gnáthach bhí fadhbanna agam; sa chás seo bhí bolta insan áit a rabhas ag iarraidh gearradh (agus ní rabhas ábalta é a bhaint de).

Bhí orm an bolta a ghearradh ar dtús.





Sin déanta, thosnaíos ar na tacaí tafta. Bhí sé i mo aigne agam go ndéanfad na taftaí cosúil leis na cinn i Hanorah, seachas na cinn i Saoirse Muireann nú Fionn nú na cinn eile tógtha sa chlós seo. Seo a threoraigh Liam agus níor mhaith dul in aghaidh a fhocal. Ag a deiridh ceapaim go mbeidh an dá chóras ann, fite fuaite ina chéile.
Rachaidh an ball seo trasna 5 fráma agus tabharfaidh sé tacaíocht don tafta agus an crann.

Tá sé feistithe isteach insna frámaí , ach bhí sé an-deacair le déanamh toisc go bhfuil an píosa chomh mór agus ciotach. Bhí sé deacair é a choimeád cothrom le mharcáil agus araile.
Agus mé ag deifriú (fé mar is gnáthach) dheineas praiseach den mharcáil ar an tarna ceann. Chuireas an ball in aghaidh na frámaí mí-cheart. 
Bhí sé déanach sa lá agus d'imíos abhaile crosta agus cantalach, arís.


18 April 2018

18/04/2018 - Deiridh an urlár.

Bhíos meáite an urlár a chríochnú inniu gan ach áit amháin fós le déanamh.

Sin taobh amháin...tá na bearnaí ag dúnadh.


Agus sin an taobh eile.

Níl le déanamh anois ach an píosa beag sa láir.

Agus go díreach agus mé ag críochnú bhuail ceithre cuairteoir tábhachtach isteach sa bhothán chun an obair a iniúchadh.



Ceapaim go rabhadar sásta, fé mar atáim féin.




17 April 2018

17/04/2017 - Fós an urlár.


Thosnaíos ar an naprún inniu, sin an urlár chun tosaigh.
Táim ag éirí cleachta leis an obair seo anois agus táim ag dul chun cinn go dlúsúil.



Tá roinnt de na cruthanna casta go leor agus tógann sé tamall iad a mharcáil amach i gceart agus ansin iad a ghearradh amach le gach beibheal ceart.



Ag sos na maidine, thuas sa bhothán mór, d'eachtraíos an scéal tragóideach ó inné fé mo bholta bocht do na leads. Sara bhfad bhíomair go léir ag cuardach thart timpeall an bhothán sa tóir ar an mbolta beag, ach teip orainn go léir. Ansin d'inis Fachtna dom go raibh bosca beag rúnda laistigh i dteach an unlas agus é lán le boltaí beaga de gach saghas. Tar éis tamall beag bhí bolta oiriúnach (ar éígin) aimsithe agam agus d'fhilleas ar mo chuid oibre le mo phreabshábh ag feidhmniú i gceart arís.

De réir a chéile tagann sé le chéile.
Agus ansin an tslat sa lár.
Go deas.

16 April 2018

16/04/2018 - Lá an mhí-áidh


Ar aghaidh leis an urlár deasbhoird inniu. An scéal céanna ó inné, níl sé ró-dheacair ach tógann sé tamall.



Bíonn orm uillinn an beibheal a athrú go han-mhinic ar mo phreabshábh. Tá gearrtha de gach sórt le déanamh agus níl dá cheann mar a chéile. Bhuel, bíonn orm bolta beag a scaoileadh agus a theannadh, a scaoileadh agus a theannadh arís agus arís eile pé uair atáim ag iarraidh an uillinn a athrú. I lár an lae inniu theip ar an gcóras sin toisc go raibh na snáitheanna stríoctha ón mbolta.
Tar éis an-chuid ama caite amú ag pleidhcíocht leis an uirlis chuireas go leataobh é agus thosnaíos ag úsáid sean-cheann ón gclós.
Leanas ar aghaidh mar sin ach bhí dul chun cinn ní ba mhoille leis an bpreabshábh sin. Ag éirí ní ba chrosta an t-am ar fad, ag an deiridh d'fhágas an clós agus chuas suas go dtí Evans Engineering chun bolta nua a cheannach. D'éirigh liom ach bhí an bolta beagáinín ró-fhada. Chuireas an bolta nua agus an bun-cnó isteach i ngreim daingean sa bhís chun ceintiméadar a bhaint de, ach chomh luath agus a bhaineas an sábh miotail leis phreab an dá rud amach as an bhís, trasna an bothán mór agus as radharc.
Chaitheas tuilleadh ama amú ag cuardach sa mhin sáibh ach níor éirigh liom iad a aimsiú.
D'fhilleas ar ais go dtí mo bhothán féin in ísle bhrí. Táim ag obair in aghaidh an clog anois agus níl an t-am agam le caitheamh ag pleidhcíocht mar sin.

Bhí sé nach mór in am dul abhaile fé sin. Tá dul chun cinn déanta agam pé scéal é, ach is fuath liom laethanta mar seo.

13 April 2018

13/04/2018 - Fós an urlár.

Bhíos beagáinín buartha fén mbíoma rungála i lár an bháid. Tá sé fada go leor agus beidh sé an tacú meáchain réasúnta maith. Seans go chromfaidh sé sa láir tar éis tamall. Chinneas ar bloic tacaíochta a chuir fé i lár an bháid, greamaithe ann le pionna darach.

Níl sé chomh slachtmhar is a bhí i mo aigne roimh ré, ach oibreoidh sé ceart go leor.
Sin déanta, leanas ar aghaidh leis an urlár.

Réidh le líneáil.
Cheannaíos rolla mór plaisteach ar maidin toisc go bhfuil na fáinleoga ar ais sa bhothán. Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil siad anseo chomh luath sa bhliain, ach chonac an chéad péire inné ag cuairt ar a sean-nead ós cionn mo bhád-sa! Bhíos bréan brocach lena gcuid guanó anuraidh cheanna féin ach bheadh sé i bhfad níos measa anois agus mé ag iarraidh péinteáil agus araile a dhéanamh.