16 April 2018

16/04/2018 - Lá an mhí-áidh


Ar aghaidh leis an urlár deasbhoird inniu. An scéal céanna ó inné, níl sé ró-dheacair ach tógann sé tamall.



Bíonn orm uillinn an beibheal a athrú go han-mhinic ar mo phreabshábh. Tá gearrtha de gach sórt le déanamh agus níl dá cheann mar a chéile. Bhuel, bíonn orm bolta beag a scaoileadh agus a theannadh, a scaoileadh agus a theannadh arís agus arís eile pé uair atáim ag iarraidh an uillinn a athrú. I lár an lae inniu theip ar an gcóras sin toisc go raibh na snáitheanna stríoctha ón mbolta.
Tar éis an-chuid ama caite amú ag pleidhcíocht leis an uirlis chuireas go leataobh é agus thosnaíos ag úsáid sean-cheann ón gclós.
Leanas ar aghaidh mar sin ach bhí dul chun cinn ní ba mhoille leis an bpreabshábh sin. Ag éirí ní ba chrosta an t-am ar fad, ag an deiridh d'fhágas an clós agus chuas suas go dtí Evans Engineering chun bolta nua a cheannach. D'éirigh liom ach bhí an bolta beagáinín ró-fhada. Chuireas an bolta nua agus an bun-cnó isteach i ngreim daingean sa bhís chun ceintiméadar a bhaint de, ach chomh luath agus a bhaineas an sábh miotail leis phreab an dá rud amach as an bhís, trasna an bothán mór agus as radharc.
Chaitheas tuilleadh ama amú ag cuardach sa mhin sáibh ach níor éirigh liom iad a aimsiú.
D'fhilleas ar ais go dtí mo bhothán féin in ísle bhrí. Táim ag obair in aghaidh an clog anois agus níl an t-am agam le caitheamh ag pleidhcíocht mar sin.

Bhí sé nach mór in am dul abhaile fé sin. Tá dul chun cinn déanta agam pé scéal é, ach is fuath liom laethanta mar seo.

No comments:

Post a Comment