25 March 2019

25/03/2019 - Tuilleadh spladhasanna.



Sular chuas síos go dtí an clós inniu chaitheas cúpla nóiméad i mo bhothán ag lúbadh píob cruach dhosmálta. Beidh sé soiléir luath nú mall cén fáth.
Seachas aon rud eile, tá sé soiléir anois go bhfuil mo bhothán ina bpraiseach!
Níor éirigh liom leis an bpíosa sin.
Triail eile.



Beidh sin foirfe.

Síos go dtí an clós anois liom agus leanas ar aghaidh leis an spladhas ar thosnaíos inné. Is é seo an chéad críoch de scriúta amháin.


Tá an ceann seo réasúnta maith, i mo thuairim féin!
An worming, dar ndóigh.
Agus an parcelling le teip arís.
Agus clúdaithe ansin. Níl sé foirfe, ach tá an ceann seo ceart go leor.

In alt na huaire seo bhí cinneadh tábhachtach lé déanamh agam - cé chomh fada a dhéanfainn na scriútaí?
Smaoiníos ar mo shean-mhúinteoir mata, Brian Ó Dwyer ansin agus rud a mhúin sé dom fadó fadó - an Teoirim Píotágarás.
B'fhéidir liom an crann a thomhas ón tionúr suas go dtí na sliastáin, agus ón tionúr suas go dtí an gunail. Bheadh an difríocht eatarthu cothrom leis an fad idir an gunail agus na sliastáin, ag dul suas an crann (taobh 'a' sa triantán thíos).
Ach ní rachaidh na scriútaí suas an crann, rachaidís go díreach idir na iarainn scriúta ag an ngunail suas go dtí na sliastán ag barr an crann, sin taobh 'c' an triantán. Is é an fad 'c' atá ag teastáil uaim  - beidh sé sin leath fad sreang an scriúta (tóg cúpla troigh le haghaidh na láinnéir).
Bheadh taobh 'b' éasca le tomhas - an fad idir an dá gunail roinnte ar a dó.
Thógas mo chuid tomhais ar an gcrann, agus trasna na gunailí agus dheineas mo chuid áireamh agus fuaireas mo fhreagra. Dheineas arís é, agus fé thrí, le bheith cinnte agus ansin leagas an sreang amach agus ghearras é.


Thosnaíos ag spladhsáil arís.
Fiú ná fuil sé éasca, táim ag éirí níos compordaí leis an gcomáil i gcónaí.











Agus sin an chéad scriúta déanta.


Gan aon moilliú, thosnaíos ag comáil an chéad ceann eile.





Táim sásta leis an gceann seo.


Críochnód an clúdach amárach.

22 March 2019

22/03/2019 - Ag clúdú is ag cosaint na spladhasanna.




Fadó fadó, mhúin Viv Gough ráiteas duinn "Worm and parcel with the lay - turn and serve the other way".

An rud a bhí i gceist aige fé "worm" ná sreangáin beaga a leogaint insna gleannta idir na duail ar rópa (sreinge nú snáithín, is cuma). Níl sé chomh simplí sin ar an spladhas, ach dheineas iarracht. N'fheadar an bhfuil focal Gaelach le haghaidh an próiseas seo.

An tarna céim ná "parceling" nú clúdaigh (De Bhaldraithe). Lena dhéanamh i gceart ba chóir dom ribín cadás nú línéadach a úsáid, ach le sreang dhosmálta nílim róbhuartha fé cosaint an sreang mar sin. Mar sin bhíos réasúnta sásta téip chumhdaigh a úsáid ina áit. Chlúdaíos an spladhas agus an "worming" leis an téip.

Agus ansin bhíos réidh leis an "serving", nú an "service". Cosnaíonn sé an spladhas agus an rópa ón aimsir, ach chomh maith leis sin cosnóidh sé ár lámha óna bioranna ag gobadh amach ón spladhsanna uafásacha siúd!

Tuilleadh eolas anseo.

A detailed drawing showing how to worm, parcel and serve a rope.

Sa chéad ceann dheineas dearúd fótagraif a thógaint ón worming. Seo mé ag iarraidh an serving a dhéanamh timpeall an téip, ach toisc go raibh an soladhas chomh mí-chothrom, bhí sé an-deacair é a dhéanamh go slachtmhar.


Seo tús an tarna ceann. Táim ag ceapadh go bhfuil an sreangán seo ró thiubh le haghaidh an worming ar an sreang seo, agus mé ag féachaint ar an bpictiúir anois.
Seo é clúdaithe.

Agus anois an seirbhís. Níl an cuma ar an gceann seo ró-dhona anois.

Leis an réise déanta thosnaíos leis na scriútaí.
Ar a laghad anois bhíos ábalta bís a úsáid agus bhí mairlínspíce agus fid (lispin b'fhéidir?) agam.

Nuair a cheannaíos an sreang seo cheannaíos ceithre thimbil 10mm DIN 3090 ag an am céanna. Tháinig siad leis, ach ní rabhas ábalta iad a aimsiú in aon áit inniu.
Bhí timbilí níos mó agam agus d'úsáideas iad, ach bhí orm seirbhís beag a dhéanamh ar an sreang ar dtúis.

Ansin bhíos ábalta an sreang a chuir timpeall an timbil, cé go bhfuil sé fíor deacair an cruach dhosmálta a lúbadh.
Cheanglas an sreang isteach sa thimbil toisc go raibh sé i gcónaí ag iarraidh léimt amach as, agus ansin d'fháisceas an méid go léir istigh sa bhís.
Agus ar aghaidh liom ag spladhsáil ansin.
Spladhas Bullivant atáim ag iarraidh a dhéanamh anseo. Téann an chéad dhual isteach fé dhá dhual leis an fí ar dtúis. Agus ansin téann dual eile isteach sa spota céanna ach fé dhual amháin.
Ansin téann dual amháin isteach in aghaidh an fí agus dual eile isteach fén dual céanna, ach leis an fí. Cuireann an dá dhual sin an spladhas fé ghlas.
Ansin Téann dual eile isteach fé dhá dhual in aghaidh an fí agus téann an dual deireanach agus an croí isteach sa spota céanna ach fé dhual amháin.

Sin an chéad cruinniú.
Anois - an tuigeann an léitheoir é sin go hiomlán?
Ní mise ach an oiread 😂.
B'fhéidir go mbeidh sé seo ina chabhair leat.



An lá nach mór thart, chuireas cóta Sikkens dubh ar an ngeaifil agus d'imíos abhaile.