25 March 2019

25/03/2019 - Tuilleadh spladhasanna.



Sular chuas síos go dtí an clós inniu chaitheas cúpla nóiméad i mo bhothán ag lúbadh píob cruach dhosmálta. Beidh sé soiléir luath nú mall cén fáth.
Seachas aon rud eile, tá sé soiléir anois go bhfuil mo bhothán ina bpraiseach!
Níor éirigh liom leis an bpíosa sin.
Triail eile.



Beidh sin foirfe.

Síos go dtí an clós anois liom agus leanas ar aghaidh leis an spladhas ar thosnaíos inné. Is é seo an chéad críoch de scriúta amháin.


Tá an ceann seo réasúnta maith, i mo thuairim féin!
An worming, dar ndóigh.
Agus an parcelling le teip arís.
Agus clúdaithe ansin. Níl sé foirfe, ach tá an ceann seo ceart go leor.

In alt na huaire seo bhí cinneadh tábhachtach lé déanamh agam - cé chomh fada a dhéanfainn na scriútaí?
Smaoiníos ar mo shean-mhúinteoir mata, Brian Ó Dwyer ansin agus rud a mhúin sé dom fadó fadó - an Teoirim Píotágarás.
B'fhéidir liom an crann a thomhas ón tionúr suas go dtí na sliastáin, agus ón tionúr suas go dtí an gunail. Bheadh an difríocht eatarthu cothrom leis an fad idir an gunail agus na sliastáin, ag dul suas an crann (taobh 'a' sa triantán thíos).
Ach ní rachaidh na scriútaí suas an crann, rachaidís go díreach idir na iarainn scriúta ag an ngunail suas go dtí na sliastán ag barr an crann, sin taobh 'c' an triantán. Is é an fad 'c' atá ag teastáil uaim  - beidh sé sin leath fad sreang an scriúta (tóg cúpla troigh le haghaidh na láinnéir).
Bheadh taobh 'b' éasca le tomhas - an fad idir an dá gunail roinnte ar a dó.
Thógas mo chuid tomhais ar an gcrann, agus trasna na gunailí agus dheineas mo chuid áireamh agus fuaireas mo fhreagra. Dheineas arís é, agus fé thrí, le bheith cinnte agus ansin leagas an sreang amach agus ghearras é.


Thosnaíos ag spladhsáil arís.
Fiú ná fuil sé éasca, táim ag éirí níos compordaí leis an gcomáil i gcónaí.











Agus sin an chéad scriúta déanta.


Gan aon moilliú, thosnaíos ag comáil an chéad ceann eile.





Táim sásta leis an gceann seo.


Críochnód an clúdach amárach.

No comments:

Post a Comment