30 November 2014

Cad atá i gceist agus cén fáth.

Is as Baile Átha Cliath (nó Dubh Linn mar is fearr liom) mé mar dhúchais. Thógadh mé in aice na farraige i gCluain Tarbh. Do chuas isteach sna Gasóga Mara agus mé in mo ghasúir, agus ón am sin amach do bhíos ag spraoi in mbáid nó ag obair ar bháid an chuid is mó den am.

Phós mé le Sciobairínach i 2003 agus táimid inár gcónaí ann ón am sin. Go luath tar éis mo shaol nua in Iarthar Chorcaí a thosú do chuireas suim in sna traidisiúin muirí na háite.

Ansin do chonac an leabhar seo sa siopa:


Leabhar den scoth atá ann maidir leis an traidisiún gliomadóireacht a bhí ag muintir Loch Trasna ach go háirithe ag muintir Inis Uí Drisceoil.
Ina measc sa leabhar tá cuir síos ar tionscadal, a bhí ag Nigel Towse ó Inis Arcáin, sean-cheann do na báid seo a atógáil. B'in an Hanorah, agus nach aoibhinn an bád anois í?


Nuair a léigh mé an leabhar sin do dheineas amach nach tógfad bád éigin, lá éigin ach go tógfad Towelsail Yawl dom fhéin, lá éigin.
Agus is cosúil go raibh an smaoineamh céanna ag neart daoine eile!


Anois tá mo t-am tagtha.



No comments:

Post a Comment