12 January 2015

Díomá

Chuaigh seachtain thart óna bhíomair ag féachaint ar na sailleacha siúd, agus níor chuala mé faic. Do bhíos ag eirí mí-fhoighneach mar sin chinn mé cuairt a tabhairt ar an sábh muileann ar an 12ú lá Mí Eanáir.
Do bhuailas le John ann agus d'inis sé dom go raibh an t-adhmad go léir gearrtha suas acu. Do ghlaoigh sé ar Liam an chéad lá eile óna bhíomair amuigh leis agus do bhí an obair go léir déanta acu le chéile go tapa.

Ní rabhas croí bhriste, ach bhí díomá orm. Bhíos ag tnúth leis an méid sin a dhéanamh.

John ag gearradh suas adhmad duine eile :(



An dair gearrtha suas ina stiallacha


An Dúghlais ina stiallacha.

No comments:

Post a Comment