19 January 2015

Eachtra boithre



An cuid is mó den adhmaid gearrtha dom, agus mé ag fáil réidh chun dul ar ais ar an bhfarraige arís, do bhí sé in am an méid a bhí déanta a bhailiú le chéile.
Do Shocraigh mé le Donal O'Donovan ó Carbury Precast úsáid a fháil as a veain ar an 19ú Mí Eanáir. D'aontaíomar go bhfágfaimid an Sciobairín go luath ach nuair a d'fhágas an baile do bhí an cosán agus an bóthar clúdaithe le sioc agus leac oighir. Do bhí orainn fanacht ar feadh breis is uair a chloig, ag súil go mbeadh na bóithre níos fearr tar éis tamall.

Do bhí moill ar an lae, ach bhuail mise agus Pawel, an tiomáinaí Polainach, bóthar go luath ina dhiaidh a naoi. Níorbh fadhb ar bith againn ar an tslí tríd Beanntraí agus timpeall an cósta go Béal Átha Leice, ach nuair a chasamar ar dheis ansin thosnaigh an bóthar ag dul in airde.

Do bhí an radharc go h-alainn ón mbóthar suas go dtí Céim an Fhiadh. Níl a fhios agam cén fáth, ach trí chúiss éigin, bhíos ag ceapadh go mbeadh an bearna sin mar an bpointe ba airde sa thuras, ach ní bheadh, mar a fhuair mé amach ní ba dhéanaí. Téann an líne comhrianach 200m tríd an bearna de réir dealraimh. Ach do bhí na cnoic bánaithe leis an sneachta agus bhíos lán sásta a bheith mar phaisinéir ag féachaint amach an fhuinneog.




Céim an Fhiadh.



 



Téann an comhrianach 300m tríd an bearna idir Gort na Binne agus Doireach agus bhí an taobh thuadh den bearna fós fé scáil agus fós clúdaithe le brat leac oighir. Díreach anseo do shleamhnaigh an veain go dtí an taobh mícheart don bóthar. Baineadh geit mór as an mbeirt againn. Ba mhaith an rud é go raibh sé fós luath agus an bóthar ciúin. Cheapas arís gur maith an rud ba ea é go raibh Pawel ag tiomáint; bhí súil agam go raibh ní ba mhó taithí tiomáint ar leac oighir agus sneachta ag an bPolannach ná agamsa!

Cé chomh minic go feictear comharthaí mar seo, timpeall na tíre, fiú sa samhradh, ach ní bréag a bhí ann an uair seo!



Ba mhaith an rud é go rabhamar beagnach ann agus tar éis stopadh uair amháin chun treoracha a fhail, shroicheamar Ré na nDoirí agus an muileann sábhadóireachta Donal O'Laoire.

Do bhí an adhmad ann go fóill, pé mar a fhág mé é, agus sar i bhfad do bhí sé luchtaithe ag Donal ar an veain.
.



An chéad rud eile ná poll i mbonn amháin den veain.




D'éirigh go maith le Pawel ach do bhí sé sásta bheith ar ais ar an bpríomh bóthar.



Cuid a haon críochnaithe. Anois do bhí sé in am dul siar go dtí Cill Chóiche agus na cuair agus an Dhúghlais a fháil.

Do tháinig Donal O'Donovan é féinig linn an uair seo.

Do bhí an Dhúghlais luchtaithe go treallach ar an veain agus ba mhaith a rud é nach raibh turas fada romhainn. An chéad stad ná mo thigh féinig chun an Dhúghlais a dhíluchtú agus é a charnadh le triomú.


Tá Cathal fiosrach agus sceitimíneach ar aon nós.

Féach an gotha ar an mbean sin. Na lámha crosach ar a brollach. Grainc ar a aghaidh. Cad atá ar an aigne sin? "Tá súil agam go bhfuil a fhios aige cad atá á dhéanamh aige." is dóigh liom!

Triomaídís (agus ní imeoidís) ceart go leor anseo.
Agus ag a deiridh, na cuair a thabhairt go dtí an tSeanchúirt. Do bhí orm teacht arís ar maidin Dé Luan chun é a charnadh i gceart le triomú thar an chéad mhí eile. Caithfidh Liam roinnt boltaí agus píosaí iorócó a fháil le scarshiúntú le chéile mar cíle. Tá siúl agam go mbead réidh chun casadh ar an fíor obair ansin nuair a tiochfad abhaile ón obair ag deiridh Mí Feabhra.






No comments:

Post a Comment