22 April 2016

22/04/2016 - Ag tosnú stráca eile.

Ar ais ón obair arís, bhíos sásta le fáil amach nach raibh aon rud déanta ar an mbád agus mé as láthair an uair seo.
Mar sin bhí beagáinín obair le déanamh chun an chéad stráca a chríochnú a dtús.
Anseo is féidir cnapán a fheiscint ar an transam. Bhí orm é sin a shnoí leis an mblocphlána ar dtús.

Ansin d'fháisc mé an clár in aghaidh an transam le cúpla chrampa agus cinnte an chéad rud a tharla ná gur scoilt an clár suas an lár.


Nuair a chuas go Liam chun a scéal a mhíniú do, dúirt sé liom ba chíor dom an clár a tholladh amach sara chuireas suas é. Dúirt sé go mbeimid ceart go leor leis an scoilt beag agus go gcaithfidh mé an clár a tholladh amach anois chomh maith agus is féidir liom.

Sin déanta bhí orm an leachtleibhéal a úsáid chun an t-ardú a aistriú trasna go dtí an taobh deasbhoird agus na heangaí a ghearradh amach le beagán beibhil orthu.




Ina dhiaidh sin thosnaíos leis an spiling agus líneáil-amach ar an gcéad stráca ar an dtaobh deasbhord.





No comments:

Post a Comment