26 April 2016

25/04/2016 - Ag leanúint ar aghaidh leis an stráca nua.

Tháinig Liam isteach go moch ar maidin agus chonaic sé go díreach go raibh an líne leagtha amach droim ar ais agam. Thosnaíos arís mar sin, an slí ceart an uair seo!


Ag marcáil amach na leithid ón líne.





Agus anois plánáil síos go dtí an líne, agus an beibhil a chuir ar an éadan uachtarach.


Tríd an tiúsóir anois.
Ach na cranraí, na cranraí, na cranraí damanta!
Thit roinnt de na cranraí amach agus an clár ag dul tríd an bplánóir. Níos fearr anois ná nuair atá an bád amuigh ar an bhfarraige, ach ag an am céanna ní rabhas sásta é d'fheiscint.
Mhol Liam dom go mbead ábalta iad a dheisiú, mar sin leanas ar aghaidh á a fheistiú.

Roinnt beag obair le déanamh ar an rabóid.
Poill i ngach áit agus cranraí i mullach a chéile.




Ansin thit cranra eile amach, agus ceann eile!


Mhol Liam dom na poill a líonadh le dalláin, ach ba chóir dóibh a bheith gearrtha leis an snáithe.

Is fiú é a rá gur mhol Fachtna dom an clár go léir a dhéanamh arís nuair a chonac sé i mo lámha é  agus mé ag siúl thart.
Thosnaíos ar an jab sin ach bhí sé ró-dhéanach é a chríochnú inniu.


No comments:

Post a Comment