01 December 2016

01/12/2016 - Ag déanamh an rungás uachtair.


Radharc na maidine.
Bhí cúpla fráma fós le chríochnú ar maidin agus ansin tháinig an bhean chun cabhair liom na strácaí lagbhoird a phuinseáil.


Ina dhiaidh sin bhí tuilleadh tairní le sciotadh.

Ligh beag prímeálach ansin.

Agus ansin bhí sé in am na píosaí deireanacha de na strácaí uachtair a sciotadh. Cheannaíos sábh comhréidh ón tSeapáin le déanaí agus bhíos díocasach triail as! 

Ach nach ormsa a bhí an díomá. Tar éis cúpla soicind thit an cos de agus ní raibh sé ábalta an t-adhmad a ghearradh pé scéal é. Níos measa fós, bhí sé ag gearradh an trasnán ag an am céanna.
D'éirigh mé as tar éis cúpla nóiméad agus chríochnaigh mé an jab leis an gnáth sábh agus an blocphlána, mar ab gnáthach.

Ina dhiaidh sin dheineas bráicín fada chun an spiling a dhéanamh.
Bhí an spiling an-éasca an uair seo toisc gur dheineas uirlis beag chun líne chomhthreomhar leis an lagbhoird a scríobadh.


Agus ansin, ar aghaidh leis an marcáil amach.

Seo an chéad ceann de na plainc a fhuaireas ó Josh Mortimer cúpla mhí ó shin. Níl siad sách tirim i gcomhar strácaí fós, ach tá siad tirim go leor i gcomhar baill eile agus oireann a gcruth go mór do na rungáis.

Beidh na rungáis ¾" ar thiubh agus 3" ar leithead. Beidh siad cruinn ag an mbun agus cothrom ag an mbarr. Tá súil agam go mbeidís cóir agus gan smál. Tá súil agam ar aon nós.


Ag úsáid an plána múnlála chun an bun a chruthú.


Sin an chéad leath déanta.


No comments:

Post a Comment