04 May 2018

04/05/2018 - Tosnú ar an mbulcaid

An chéad rud ar maidin ná cóta prímeálach ar gach rud atá déanta agam le cúpla lá anuas.
Agus é sin ag triomú d'fhéachas ar an inneall. An fhirinne a rá táim beagáinín scanraithe roimh an inneall, ach chaithfead déileáil leis.
Inniu bhaineas an píobán uisce fuaraithe den inneall agus chuas suas go dtí Evans Engineering.
Tá an dá léaráid thíos agam ó Yanmar maidir leis an gcóras sceite. Sa chéad ceann tá an uillinn fuaraithe os cionn an líne snámha agus sa tarna cheann tá sé fén líne snámha. Nílim céad fén gcéad cinnte cá bheidh an líne snámha i mo bhád-sa fós, ach tá sé an-íseal agus seans maith go mbeidh sé os cionn an uillinn fuaraithe.




De réir an léaráid seo chaithfead an píobán fuaraithe a ardú 300mm os cionn an líne snámha agus comhla folúis a chuir ag an mbarr. Is ionann iad an comhla folúis agus an bristeoir siofón a cheannaíos ag an margadh roinnt lá ó shin. Bhuel, tá súil agam go bhfuil siad ar aon nós!

Ba mhaith an rud é go raibh píobán oiriúnach acu in Evans, cé go bhfuil an balla níos caoile sa cheann seo ná an ceann bunúsach.
Cuirfead an bristeoir siofón ann agus ceanglód an píobán go néata leis an bhfráma tar éis an chéad babhta péinteála eile.

Sásta léis sin, d'fhilleas ar ais go dtí an bhulcaid.

Táim ag iarraidh go mbeidh gach clár sa bhulcaid ag an leithead céanna, naoi ceintiméadar.
Ag an bpointe seo tá sé deacair croí-adhmad dhúghlais 9cm ar leithead a fháil.


Agus sin é inniu é. Táim ag tosnú arís ón taobh eile ionas go mbeidh an clár deireanach, nach mbeidh 9cm ar leithead, sa lár, díreach os cionn an lárlíne.


No comments:

Post a Comment