23 January 2020

21/01/2020 - Ag cuir an chéad dá phainéal le chéile


Bíonn sé deacair orm, sa lá atá inniu ann, am a chuir go leataobh chun obair ar na seolta, ach d'éirigh liom inniu.
An chéad rud le déanamh ná na uamanna bréaga a chríochnú.
D'fhilleas na lúba síos agus chuas tharstu le greama fiarláin. Ar dtús ar an mbarr, agus ansin chaitheas an t-éadach thart agus dheineas an méid céanna ar an taobh eile.
Measaim go bhfuil na uamanna seo láidir go leor, cé ná fuil siad fíor traidisiúnta.


Ansin bhí sé in am an dá phainéal a chuir le chéile - bíonn uaim rádail ag teastáil chun é seo a dhéanamh, toisc go bhfuil sé láidir, ag dul tríd ceithre brat den t-éadach.
Arís, ní raibh sé éasca dom é a dhéanamh díreach mar atá sa leabhar. Tá an t-éadach ró shólúbtha, agus táim ag obair i mo aonair. B'fhéidir dá mbeadh ceardaí eile ag cabhrú liom bheimid in ann é a dhéanamh ar nós an pictiúir thuas.
Ach níl - mar sin, mharcáileas an séama ar thaobh amháin (leathan ag an mbarr agus ag an mbun, caol sa lár) agus ghreamaigh mé le chéile iad le bioráin dúnta.



Ansin chuireas tríd an inneall iad le greama díreacha tapaigh.


Ansin, bhaineas na bioráin de agus d'fhilleas an dá taobh thart ar a chéile, ar nós litir "S", cosúil leis an líníocht thuas.
Chomh cúramach agus ab fhéidir liom, chuireas na bioráin ar ais arís, ag coimeád an cruth ceart ar an uaim.
Ansin, cosúil leis an uaim bréaga, chuas thar leis an inneall, ag déanamh greama fiarláin ar an dá thaobh.

B'fhéidir ná fuil sé fíor traidisiúnta arís, ach déarfainn go bhfuil sé cuimseach láidir.

No comments:

Post a Comment