18 January 2020

17/01/2020 - Ag tosnú ar na seolta

Tar éis míonna fada ag obair ar nithe beaga timpeall an tí, chasas m'aghaidh ar chúrsaí bádóireachta arís.

Do bhí dhá rolla ceaileacó i mo chófra te le tamall agus bhí sé in am iad a thógaint amach.
Táim tar éis na leabhair "Make Your Own Sails" (ag R.M. Broker agus S.A. Budd) agus "Sailmaker's Handbook 1966" (ag Ministry of Defence (Admiralty)) a léamh, agus táim chomh réidh is a bheidh mé riamh.

Tá a fhios agam nach féidir liom na seolta seo a dhéanamh díreach mar a deirtear sna leabhair, toisc ná fuil lochta seolta agam, mar sin tá plean difriúil agam.
Ag úsáid an dearadh garbh seo, leagfaidh mé amach gach painéal agus déanfad na uamanna bréaga iontu.
Ansin cuirfead na painéil le chéile mar bhrat mór amháin, agus ansin sínfead amach é i halla nú seomra mór éigin, agus ansin marcáilfead na línte amach air.
Bhuel, sin é an plean. Fan go bhfeicfimid conas a tharlódh sé.



An chéad rud le déanamh ná na tomhais ar an gcéad painéal agus é a ghearradh.


Ansin bhí orm uaim bréaga a dhéanamh síos sa láir. Ach conas é sin a dhéanamh?
Féachann sé éasca sa leabhar.
Ach sa fíor saol níl sé chomh éasca sin.
An chéad rud ná, níl mo cheaileacó chomh righin leis an canbhás nú seoléadach atá á úsáid acu sa leabhar.
Tar éis beagán tástáil, chinneas an t-éadach a fhilleadh ina dhá leath agus an uaim a mharcáil ann ar dtús.
Tá an uaim níos leithne ag an mbarr agus ag an mbun (orlach ar fad) ná atá sa lár (leath-orlach). Tá sé déanta mar seo chun bolg a thabhairt don seol.


Ansin thosnaíos ag fuáil.
Bhíos ag iarraidh greamanna díreacha a dhéanamh ar dtús, ach dar ndóigh ní raibh an inneall socraithe i gceart.  Ach tar éis cúpla nóiméad ag útamáil leis, bhíos ag déanamh dul chun cinn.






Sin déanta, d'osclaíos an filleadh arís agus bhí lúb fada á rith síos lár an t-éadach.
An plean anois ná an lúb sin a fhill síos agus a fhuáil cothrom.
Déanfad é sin amárach.

Ar dtús, bhíos díocasach leanúint ar aghaidh leis an tarna phainéal.





Agus mé ag cromadh thar an inneall fuála, thugas fé deara go tapaigh go bhfuil sé ríthábhachtach bheith i mo chompord.

Timpeall an am sin, thug Siobhán Cadogan cuairt orainn, agus chuir sí náire ar Joanne cúpla fótagraif a thógaint díom ag obair 🤣







No comments:

Post a Comment