03 May 2021

30/04/2021 & 03/05/2021 - Ag baint ceirte

Tá an tionscadal beagnach críochnaithe agam, agus dá bhrí sin tá an bhlag nach mór críochnaithe freisin.

Níl ach cúpla rud fós le déanamh - na seolta a choirtiú agus maide rámha eile le déanamh.

N'fheadar cathain a dhéanfainn an maide rámha san, ach tosnód an coirtiú láithreach.
Níl mórán eolas agam fé coirtiú seachas píosa beag comhairle ó Cormac Levis, dúirt sé liom gan é a dhéanamh go dtí go mbeidh an seol bliain d'aois.
Ach de réir an bhean so, tógann sé míonna an tainnin a tharrac amach as an gcoirt. Mar sin, tosnód an próiseas anois, agus tá súil agam go mbeidh sé réidh le úsáid sa geimhreadh so chugainn.

Do thosnaíos leid an gcoirt ar na píosaí dair atá fágtha agam ag an mbaile, ach tá an stuif seo ró-thirim b'fhéidir, níl a fhios agam.

Táim ag tosnú le beagán uisce na sáile sa bhairille. N'fheadar an mbeidh sé níos fearr nú níos measa mar gheall ar sin!

 
Tá dearg an tainnin soiléir le feiscint fé dromchla an coirt.


Deireann an bhean freisin go bhfuil a lán tainnin i gcoirt an Giúis Dhúghlais agus go bhfuil sé an-oiriúnach le haghaidh coirtiú, agus is maith an scéal é. Tá an-chuid gearrthóga Dhúghlais sa chlós, agus bhí sé éasca é a bhaint díobh le tua beag.
Tá dath an tainnin an-shoiléir le feiscint ann freisin.

Ach nílim ag iarraidh é a dhéanamh le Dúghlais amháin. Tá cúpla omhna darach sa chlós, agus bhíos in ann a lán coirt úr a bhaint díobh leis an tál agus an tua. Déarfainn go bhfuil sé timpeall 50:50 dair agus Dúghlais ag an deiridh.

 
Ar ais ag an mbaile, líonas an bairille le uisce fearthainne agus d'fhánas in áit breá gréine é. 

Agus sin é. Ní dóigh liom go mbeidh aon rud eile sa bhlag so go dtí an geimhreadh, agus ina dhiaidh sin, cá bhfios.

No comments:

Post a Comment