01 May 2021

29/04/2021 & 01/05/2021 - Ag seoladh!

Bhíos ag an mbád chlós go moch ar maidin, do bhí a lán le déanamh agus bhíos ag rásaíocht an taoide.

Ní raibh puth gaoithe ann ar dtús, agus ghlacas an deis an príomh seol a chrochadh roimh imeacht.
Nuair a chonaic sé a bhí á dhéanamh agam, tháinig Liam chun cainte liom. Fada an lá, a dúirt sé, ónar chonaic sé seol déanta as ceaileacó. Thaitin sé leis ceann a fhescint arís, measaim. Fear ionraic, croíúil atá in Liam, agus níl sé cosúil leis an gcuid is mó de na fearbh gnó i mo aitheanta. Tá fíor suim aige inár n-oidhreacht muirí agus tá eolas fairsing agus taithí domhain aige.
Ní rabhas féin ag smaoineamh ar san ag an am - bhíos ag féachaint ar an tseoil agus faoiseamh orm ná raibh sé rófhada, ró-leathan nú ag stríocadh óna chéile chomh luath is a chrochas é!


Bíonn sé deacair go leor imeacht ón gclós go gairid tar éis tús aife an taoide agus bhí sé an am dom éalú sara bhíos iomlán réidh.
D'imíos gan aon fústar seachas beannacht láimhe ó John.

Mar is gnáthach, bhí sé go hálainn ag dul síos inbhear An Aighlinn, agus an tapaigh le sruth an aife.
Nuair a bhaineas Dún na Séad amach, rugas ar an chéad bhaoi feistithe a chonac.
Chaitheas timpeall uair a chloig ann ag críochnú jabanna beaga, ach go háirithe athshocraíos na scriútaí chun an ráca a laghdú, ionas go mbeinn in ann an seol cinn a chrochadh i gceart.

An t-am ar fad agus mé ag déanamh é seo, do bhí gaoth aduaidh an-éatrom ann, díreach mar a bhí geallta sa réamhaisnéis, ach chomh luath is a thosnaíos ag dul ó dheas ní raibh oiread is puth gaoithe ann, agus ansin leoithne éatroim aneas nú aniar aneas.
Ní rabhas iomlán muiníneach as an an mbád a sheoladh den chéad uair, i m'aonair agus an cladach fúm. Mar sin, leanas ar aghaidh leis an inneall tríd Caolas Oileán Dhúlaing (so thíos) agus amach as Bá Traigh Omna.
Bhí an-comhluadar agam ar mo shlí - liamháin gréine agus deilfeanna mórthimpeall orm. Na deilfeanna ag snámh in aice liom, fúm, agus ag léimt amach as an uisce aríst agus aríst eile!
Leis mo chairde nua i mo theannta mar sin, bhíos beagáinín drogallach an inneall a stopadh agus an seol a chrochadh, ach dheineas é tar éis tamall.

Chomh luath is a stopas an inneall, d'imigh ná deilfeanna, ach sara i bhfad bhí rud éigin eile agam le féachaint air.
Bhí an ghaoth breá éatroim an-oiriúnach na seolta a shíneadh den chéad uair, ach cé go raibh sé ag cuir cathú orm, níor chrochas an seol cinn. Do bhí an iomarca le déanamh ag duine amháin cheanna féin - an bád a stiúradh, an scód a láimhseáil agus na fótagraif a ghlacadh!
Tá sé soiléir ná fuil an seol foirfe, ach táim breá sásta leis mar chéad iarracht. Cá bhfios, tar éis beagán síneadh, b'fhéidir nach mbeidh na clupaidí le feiscint a thuilleadh.
An fhirinne a rá, bhíos ar mhuin na muice um an dtaca so. Bhí aoibh ó chluas go cluas orm agus ag ligint liúnna asam ó am go chéile. D'fhill na deilfeanna fiú chun ceiliúradh liom ar feadh tamall.


Ar ais ar an bhfeistiú ar deiridh an lae, bhíos tuirseach traochta, ach sásta.

Cúpla lá ina dhiaidh an chéad aistear, bhí mo chriú bailithe le chéile agus bhíomair réidh chun seoladh ceart a dhéanamh.

An chéad rud a dheineas ná na líontaí a athrú ar na bacáin ceangal.
Chuireas an háiléar tróit agus an háiléar stuaice ar tosach an tafta agus háiléir cinn ar chúl an tafta.

 Le Jo agus Odhran ar na háiléir, Tadhg ar an maide stiúradh agus mise agus Cathal ag bainistiú, chuaigh an geaifil agus an príomh seol suas go héasca.

 

 Nóiméad níos déanaí bhí an seol cinn crochta freisin, agus go tobann bhíomair fé lánseol.





Bhí an gaoth breá éatroim arís, ach ghluaiseamair ar aghaidh go réidh mar sin féin.
Cé ná raibh an seoladh ró-bhríomhar, bhí sceitimíní orainn go léir (seachas Tadhg) ag féachaint ar na deilfeanna agus míolta móra inár dtimpeall.




Rugamair ar cúpla iasc ag an deiridh freisin, agus bhí Tadhg fiú sásta ansan!



 

No comments:

Post a Comment