09 January 2021

08/01/2021 - Na bandaí neartaithe nú "Tabling".

 Cé go bhfuil fáithimí ar an dá sheol anois, tá an-chuid fós le déanamh. Ann chéad rud eile le déanamh ná bandaí neartaithe, nú tabling i mBéarla, is amhlaidh is false tabling atá ann.

Téann na bandaí timpeall imeall na seolta agus ní foláir dóibh a bheith mar an cruth céanna ná a seol féin.
Leagas líne cadás glan amach ar an urlár agus le beagán cabhair óna buachaillí (sa bhaile mar gheall ar an dianghlasála) leagamair taobh an tseoil síos air. D'aistríomair cruth an tseoil go dtí an ceirt glan le pinn luaidhe.


Ansin, ghearras amach é, ag fágáil dóthain ábhair breise le haghaidh na fáithimí.
le cabhair iontach ó Chathal, dheineas na fáithimí ar an inneall fuála.

Agus arís agus arís eile. Tá ceithre thaobh ar an tseoil mór agus trí cinn ar an tseoil cinn.








06 January 2021

06/01/2021 - Ag gearadh amach.

 Tar éis an líneáil amach sa scoil, chaith na seolta bliain ar fad, nach mór, fé mo leaba.

Bliain aisteach a bhí in san chuid eile de 2020. Tháinig COVID-19 aniar aduaidh orainn go léir i Mí Márta, agus dá bhrí sin ní raibh deis ar bith agam aon ama a chaitheamh ar na seolta, ná ar an mbád ach oiread. Níor chuireas an bád ag snámh fiú i mbliana.

Ach sin ráite, leis an tír ar fad in dianghlasáil leibhéal a 5+ agus sin go léir greamaithe sa tigh, tá seans agam arís roinnt obair a dhéanamh.

Tharracas amach na seolta agus ghearras amach na línte, ag fágáil orlach éadaigh le haghaidh fáithim.

Chuireas fáithimí mórthimpeall na línte, agus ansin bhíomair in ann an seol mór a shíneadh amach den chéad uair.

Bhí fios maith agam go n-inseodh sé seo scéal dúinn. An mbeadh sé ró-chothrom, nú an mbeadh bolg ró-dhomhain ann?

Nílim ag rá go bhfuil sé foirfe, ach dé réir dealraimh tá an cruth ceart go leor -  preit! (an faoiseamh!)

Agus anois an seol cinn.


Bhíomair ábalta an seol seo a shíneadh amach taobh istigh.

Nílim chomh sásta le cruth an seol cinn. Tá droim an seoil an-liobarnach - ró-liobarnach b'fhéidir. Ach b'fhéidir go mbeadh sé ceart go leor nuair a beidh an aighre ann.




16 February 2020

15/02/2020 - Ag leagaint amach na línte.

Tá an t-am tagtha na brait a leagaint amach agus na línte a mharcáil amach ortha.
Tá an t-ádh liom go bhfuil mé mór leis an leas-príomhoide sa Gaelscoil Dr. Uí Shuilleabháin, agus thug sí cead dom an halla spóirt a úsáid ar feadh cúpla uair a chloig.

Ach, dála an scéal, táim ag déanamh an próisis seo droim ar ais.
Ba cheart dom na línte a scríobh ar an urlár agus na héadaí a leagaint tharstu. Ach ní raibh an spás agam, nú t-am agam sa halla iad a dhéanamh sa chaoi sin. Pé scéal é, ní bheadh cead agam piocadáin a chuir san urlár sa seomra suí, ná an halla spóirt nua ach go háirithe.


Bhíos ag smaoineamh ar maidin, conas ab fhéidir liom na huillinneacha ceart a dhéanamh ar na héadaí agus mé ag líníocht amach na seolta?
Shocraíos ar deilbh a dhéanamh ar scála 15:1, agus bheinn ábalta na huillinneacha ortha siúd a meaitseáil leis na línte ar na héadaí.


An chéad rud a rith liom nuair a leagamair na brait amach ná go raibh siad ní ba chothroime ná a bhí mé ag iarraidh. Ach thugas fé deara nach raibh na himill díreach; bhí siad ag spré amach mar gheall ar an bolg sa lár. Gan priocadáin, ní rabhas ábalta iad a shíneadh amach díreach arís.
Tá súil agam nuair a ghearraim ná línte le cuar, chuirfidh sin dóthain bolg sa seol.

Bhíos ag úsáid líne cailce chun na línte díreacha a mharcáil, ach ansin (le mo lucht cabhair) d'iarramair cuarlíne cóir a dhéanamh leis an mbata líneála, ach bhí an bata ró-thiubh agus ró-righin, agus dá bhrí sin bhí sé deacair. N'fheadar an bhfuil dóthain cuar ann ag an deiridh.

Chomh maith leis sin, bhí sé deacair go leor na tomhais cearta a dhéanamh le chéile leis na huillinneacha cearta.
Do bhí an-chuid tástáil agus earráid ar bun, ach ar deiridh d'éirigh liom cruth éigin a dhéanamh. Tá súil agam go hoibríodh na seolta, ach níl siad díreach mar a chéile leis na dearaí.







Ag an bpointe seo, déarfainn go bhfuil leath an oibre déanta.
Fós tá bandaí neartaithe, bandaí taca, cringleacha, cringleacha rífeála, cróna súilíní, ribíní agus aighrí a dhéanamh.
Tógfaidh sé tamall fós!




An lucht oibre toilteanach! 



Aguisín 24/02/2021:

Agus mé ag cíor tríd an idirlíon ag lorg fótagraif de seolta traditiúnta, d'aimsíos an pictiúir seo - seolta nua don gliomadóir nua i Mericeá, Fiona.
Ba bhreá liom é so a fhescint roimhe mo sheolta a leagaint amach.


Tá an comhlacht so ag déanamh seolta álainne thall i Mericeá.






09/02/2020 - Ag leanúint ar aghaidh leis an tseol cinn.


Maidin De Domhnach agus bhí díocas orm leanúint ar aghaidh leis an seol, ach an uair seo bhí cabhraí in éineacht liom!

Ag ullmhú an uaim rádail.

Cathal ag cabhrú liom an t-éadach a thiomáint tríd an inneall fuála. Seisean ag tarrac agus mise ag stiúradh.

Foireann den scoth!


Agus an painéal deireanach.


Níl Luas chomh tugtha leis an méid seo ar siúl sa seomra suí!


Bhíos chomh sásta leis an dearadh a bhí agam den seol cinn, chinneas ceann a dhéanamh ar son an príomh seol, agus an lár iarrachta a fháil amach.



08/02/2020 - Ag tosnú an seol cinn.

An chéad rud ná go bhfuil sé i bhfad níos éasca é seo a dhéanamh le dearadh nú líníocht ceart déanta cheana féin.
Tá an seol seo i bhfad níos lú, agus cabhraíonn sin freisin.

An chéad thomhas.

An chéad líne fuáil den uaim bréaga.

Ag tomhas an tarna phainéal.

Ag cuir an chéad dá phainéal le chéile le uaim rádail.

Ag fuáil an uaim rádail. Tá an lár iarrachta marcáilte agam ar an seol cheanna féin. Bhíos in ann é a thomhas ón líníocht, ach n'fheadar an bhfuil sé cruinn, ach tá súil agam nach mbeidh sé i bhfad mícheart. Nod amháin atá ann.