01 May 2018

01/05/2018 - Tús an deic tosaigh


Ní rabhas cinnte conas a dhéanfainn an locar (cófra) seo. Ní foláir deic a dhéanamh agus bulcaid a dhéanamh, agus le chéile leis an gcabhail déanann siad an locar.
Bhí a fhios agam go raibh bíoma (nú dhó) le déanamh chun tacaíocht a thabhairt don deic, agus ansin bheadh tacaí eile ag teastáil i gcomhair an bulcaid, ach i ndáiríre táim ag déanamh suas é agus mé ag dul ar aghaidh.

Thosnaíos ar an bpríomh-bhíoma. Ghearras eangaí amach as na rungáis agus ansin ghearras píosa darach le dhul isteach ann, ach thugas fé ndeara bun láithreach nárbh fhéidir é a chuir ann toisc go raibh sé ró-fhada dul idir na frámaí agus na ribíní rungáis. Bhí orm é a ghearradh síos gur chuaigh sé isteach ann. Anois bhí sé ró-ghearr boltaí a chuir tríd. Bhí orm tacaí a dhéanamh le haghaidh an taca seo.

Is féidir é seo a bholtáil don bhfráma, agus ansin an bíoma a thairneáil síos ar seo.


Chuireas pionna darach tríd gach taobh freisin.
Ag marcáil an larlíne.
Seo smaoineamh eile a chumas i m'aonar. Ní raibh posta samsain in sna seanbháid, cé go bhfuil siad in sna cinn sa lá atá inniu ann (seachas an Hanora). Mar sin ní raibh sé ar intinn agam ceann a chuir i mo bhád féinig, ach más rud é go bhfuil mé chun crann spreoide a chuir ann bheadh sé i bhfad níos fuiriste le posta samsain ann. Shocraíos ar ghéilleadh. Ní dhéanfainn fíor posta samsain ach cuirfead rud éigin cosúil leis ann. Ní bheidh sé chomh láidir le posta samsain ach tá súil agam go tacóidh sé an crann spreoide mar sin féin. Ag an deiridh, muna bhful mé sásta leis, is féidir liom é a ghearradh de.
Ach ar dtús caithfead scrios a dhéanamh ar an uchtán.


Nochtaigh mé an pionna cruach ar dheasbhoirs, rud nach rabhas ag súil leis.
Ansin mo phosta samsain bréaga. Tá botún mór déanta agam anseo. Ghearras as an mbíoma fad loinge seachas as an bpíosa ar bharr an bíoma ó thaobh taobh chun iad a fheistiú ina chéile. Anois ní bheidh mo phosta bréige chomh láidir agus is féidir

Anois táim ag tógáil suas an bíoma chun tacaíocht a thabhairt don deic. Agus sin é inniu é.













30 April 2018

30/04/2018 - Fós na cnaíocha.

Ag an deiridh seachtaine bhíos ag Díolacháin as búit cairr agus gan coinne cheannaíos rudaí le haghaidh an bháid. Gaothaire frith-siofón i gcomhair an píobán uisce fuarúcháin ar an inneall, waterlock i gcomhair an píobán sceite agus locar Stanley 4½. Tá an locar sin níos leithne ná an locar atá agam cheanna féin agus cé go bhfuil sé sean agus obair le déanamh air, tá sé i gcaoi níos fearr na mo cheann. Bíonn fadhbanna agam go minic leis agus is dóigh liom nach raibh sé den chéad scoth ón gcéad lá.
Chaitheas 15 nóiméad, nú mar sin ag déanamh glanadh bunúsach air agus ag cuir faobhar ar an iarann. Ba chóir go ndéanfad i bhfad níos mó leis (agus déanfad nuair a bheidh seans agam) ach tar éis an méid beag sin amháin d'oibrigh sé go maith ag glanadh suas an cnaí.



Bhí beagán athrú le déanamh ar an dealbh le haghaidh an chéad áit eile agus thosnaíos lena dhéanamh le siséal géar. An chéad rud eile ná go raibh fuil a dul gach áit. Shleamhnaigh an siséal a rug sé ar mo chorrmhéar chlé agus déarfainn gur ghearr sé artaire beag.
Ní mó ná sásta a bhí mé. Bhí sé pianmhar cinnte, ach ní ba mheasa ná sin ní raibh an t-am agam dul go dtí an clinic arís chun tuilleadh greama a fháil.
Ghlanas suas é, chomh maith agus ab fhéidir, chuireas trí phlástar air, chornas roinnt téip PVC timpeall air agus d'fhilleas ar ais ag obair.
Seo an dealbh céanna arís, fiú agus é athraithe beagáinín.
Agus seo an cnaí a tháinig as.

Do bhí orm an cnaí seo a dhéanamh fé dhó. Ar dtús dheineas an ceann seo thíos, ach nuair a bhí sé gearrtha amach agam bhí féith lobh ag dul tríd agus bhí sé gan maith.
Ar buile fén cur amú adhmad sin, fuaireas gearrthóg sú-adhmad ón Saoirse. Bhí píosa beag croí-adhmad ann ag deiridh an gearrthóg mór agus ghealas go raibh mo dhóthain ann cnaí amháin a dhéanamh.
Bhí an ceart agam, ach tá an t-adhmad seo fliuch go leor agus tá súil agam nach mbeidh sé lúbtha sara bhfad.


B'in deiridh leis na cnaíocha. Anois bhí mo aird dírithe ar an deic tosaigh. Tá sé beagáinín casta sa chás seo toisc gur dheineas praiseach maith den uchtán. Ba chóir go mbeadh an uchtán níos ísle ná an ghunail agus rachaidh an deic thart ar an t-uchtán agus cothrom leis an ngunail. Ach tá an t-uchtán cothrom leis an ngunail agus níl aon áit le chuir an deic.
Bhíos á phlé le Liam agus mhol sé dul síos go dtí an Free State C1, sean-bhád ata ag lobhadh sa chlós. Dar leis, bhí an deic tosaigh níos ísle ná an ghunail ón gcéad lá sa bhád seo. Chuas soir chun é a iniúchadh ach i ndáiríre bhí sé deacair a rá conas a bhí sé ón gcéad lá. Ní raibh aon deic tosaigh le feiscint ach bhí iarsma de deic deiridh fágtha, ach bhí sé deacair a shamhlú conas a bhí sé roimh ré. Chinneas gan mo dheic tosaigh a chuir fén gunail, agus mar sin bheadh orm é a dhéanamh sa chaoi deacair...fé mar is gnáthach.



27 April 2018

27/04/2018 - Cnaíocha

Bhí a fhios agam inniu nach mbeinn ábalta an cuid eile den suíochán seo an fheistiú i gceart, bheadh sé ró-fhada dul idir na frámaí agus na ribíní rungás agus nílim ábalta é a dhéanamh ina dhá leath.
Mar sin féin, leanas ar aghaidh.
Gan an-chuid feistiú níor thóg sé an-chuid ama.
Agus an píosa deireanach.
Voilà!
Tafta breá leathan agus (tá súil agam) compordach.

An chéad céim eile ná na cnaíocha a dhéanamh.
Thosnaíos le dealbh a dhéanamh.
Agus ansin d'úsáideas an dealbh chun an cnaí a ghearradh amach  as píosa dair. Seo píosa a fhuaireas sa bhothán sa bhaile. Táim tar éis gach píosa breise atá fágtha agam a bhailiú suas (fiú amháin píosaí beaga ó mo chairn connadh).
Tá foireann an clóis ag úsáid an crios-sábh chun cláir snáithínghloine (nú GRP) a ghearradh, agus dá bhrí sin tá an lann maol go leor. Do dhein sé praiseach agus dhóigh sé mo chnaí, ach d'éirigh liom é a dheisiú le mo tharrscamhaire.
Tá sin go maith.
D'úsáideas an dealbh ceanna arís (le athrú beag ann) i gcomhair an taobh eile. Muna beidh gach cnaí mar a chéile beidh cuma aisteach air.
Tá roinnt coiriú le déanamh fós, ach sin jab don maidin.

26 April 2018

26/04/2018 - Tús an tafta stiúrach

Tá sé tábhachtach dom go mbeidh a suíochán seo ceart - leathan, cothrom, compordach agus néata - beadsa ag suí ann ag deiridh an lae.
Thugas fé deara go luath nach féidir an píosa ar chúl a chuir isteach in aon phíosa. Mar sin bhí orm tacaí beaga eile a chuir ar an post deiridh. Ansin d'fhéadfainn é a dhéanamh in dhá phíosa.


Thóg sé an-chuid ama gach tomhas agus gach beibheal a dhéanamh i gceart, ach de réir a chéile d'éirigh liom.

Agus arís ar an taobh eile.
Ní raibh sé ar intinn agam an chéad phíosa (deasbhoird) níos caola ná an tarna phíosa, ach nuair a bhíos ag gearradh an clár adhmaid ina dhá leath leis an mbeibheal, dheineas dearúd nach mbeadh an lár mar a chéile ag an mbarr nú ag an mbun is a bhí i lár an clár.
Tá sé deacair é a mhíniú ach i ndeiridh na dála dheineas praiseach de, cur amú adhmad agus easpa adhmad agam.


25 April 2018

25/04/2018 - An tarna thafta feistithe.


Agus an chéad clár eile ró-ghearr, mhol Liam dom an tarna thafta a fheistiú taobh thiar den inneall, ach nuair a thriaileas as ní rabhas sásta in aon chor. Ní raibh sé sé ceart ann agus b'in an deiridh leis.
Chuas amach go dtí John Harger i gCill Chóiche tráthnóna inne agus cheannaíos an clár seo thíos. Níl sé chomh leathan is na cinn a bhí agam cheann féin, ach déanfaidh sé an jab maith go leor.

D'éirigh sé an-dheacair liom na tacaí i gcomhair an tafta seo a thomhas agus a mharcáil mar gheall ar cruth an chabhail san áit seo. Bhí sé i gcónaí ag bogadh agus ag titim agus mé ag obair leis.
Chun an t-adhmad darach a shábháil táim ag úsáid gearrthóga ó thimpeall an clós chun rudaí beaga mar seo a dhéanamh. Sa chás seo bhí orm an sú-adhmad a phlánáil amach, is ar éigin a bhí sé sách mór ag an deiridh.


Ag an deiridh téann sé isteach i gceart leis an tairní móra, fiú amháin agus é beagáinín caol ag an mbun.

Ansin bhí sé in am an tafta féin a fheistiú. Marcálaim an lár ar dtús agus ansin tomhaisim amach go dtí gach críoch as sin. Tá beibheal le déanamh freisin, dar ndóigh.
Agus sin sin.

Beidh an tafta stiúrach mar an cheann is deacra fós, ach tosnaíonn sé le tacaí cosúil leis na cinn eile.
An chéad tubaiste ná an deiridh seo a scoilteadh.
Caithfidh an tarna ceann bheith díreach cothrománach leis an taobh eile agus cothrománach fad loinge freisin.
Beidh sé ceart go leor mar sin.
Ach tubaiste ar mhuin tubaiste, féach cad a tharlaíonn nuair a úsáideann tú tairní mór milteacha agus ní tharathraíonn tú poll sách fada nú fairsing.

B'in mo dhóthain dochar le haghaidh lá amháin. D'imíos abhaile.