30 April 2018

30/04/2018 - Fós na cnaíocha.

Ag an deiridh seachtaine bhíos ag Díolacháin as búit cairr agus gan coinne cheannaíos rudaí le haghaidh an bháid. Gaothaire frith-siofón i gcomhair an píobán uisce fuarúcháin ar an inneall, waterlock i gcomhair an píobán sceite agus locar Stanley 4½. Tá an locar sin níos leithne ná an locar atá agam cheanna féin agus cé go bhfuil sé sean agus obair le déanamh air, tá sé i gcaoi níos fearr na mo cheann. Bíonn fadhbanna agam go minic leis agus is dóigh liom nach raibh sé den chéad scoth ón gcéad lá.
Chaitheas 15 nóiméad, nú mar sin ag déanamh glanadh bunúsach air agus ag cuir faobhar ar an iarann. Ba chóir go ndéanfad i bhfad níos mó leis (agus déanfad nuair a bheidh seans agam) ach tar éis an méid beag sin amháin d'oibrigh sé go maith ag glanadh suas an cnaí.



Bhí beagán athrú le déanamh ar an dealbh le haghaidh an chéad áit eile agus thosnaíos lena dhéanamh le siséal géar. An chéad rud eile ná go raibh fuil a dul gach áit. Shleamhnaigh an siséal a rug sé ar mo chorrmhéar chlé agus déarfainn gur ghearr sé artaire beag.
Ní mó ná sásta a bhí mé. Bhí sé pianmhar cinnte, ach ní ba mheasa ná sin ní raibh an t-am agam dul go dtí an clinic arís chun tuilleadh greama a fháil.
Ghlanas suas é, chomh maith agus ab fhéidir, chuireas trí phlástar air, chornas roinnt téip PVC timpeall air agus d'fhilleas ar ais ag obair.
Seo an dealbh céanna arís, fiú agus é athraithe beagáinín.
Agus seo an cnaí a tháinig as.

Do bhí orm an cnaí seo a dhéanamh fé dhó. Ar dtús dheineas an ceann seo thíos, ach nuair a bhí sé gearrtha amach agam bhí féith lobh ag dul tríd agus bhí sé gan maith.
Ar buile fén cur amú adhmad sin, fuaireas gearrthóg sú-adhmad ón Saoirse. Bhí píosa beag croí-adhmad ann ag deiridh an gearrthóg mór agus ghealas go raibh mo dhóthain ann cnaí amháin a dhéanamh.
Bhí an ceart agam, ach tá an t-adhmad seo fliuch go leor agus tá súil agam nach mbeidh sé lúbtha sara bhfad.


B'in deiridh leis na cnaíocha. Anois bhí mo aird dírithe ar an deic tosaigh. Tá sé beagáinín casta sa chás seo toisc gur dheineas praiseach maith den uchtán. Ba chóir go mbeadh an uchtán níos ísle ná an ghunail agus rachaidh an deic thart ar an t-uchtán agus cothrom leis an ngunail. Ach tá an t-uchtán cothrom leis an ngunail agus níl aon áit le chuir an deic.
Bhíos á phlé le Liam agus mhol sé dul síos go dtí an Free State C1, sean-bhád ata ag lobhadh sa chlós. Dar leis, bhí an deic tosaigh níos ísle ná an ghunail ón gcéad lá sa bhád seo. Chuas soir chun é a iniúchadh ach i ndáiríre bhí sé deacair a rá conas a bhí sé ón gcéad lá. Ní raibh aon deic tosaigh le feiscint ach bhí iarsma de deic deiridh fágtha, ach bhí sé deacair a shamhlú conas a bhí sé roimh ré. Chinneas gan mo dheic tosaigh a chuir fén gunail, agus mar sin bheadh orm é a dhéanamh sa chaoi deacair...fé mar is gnáthach.



No comments:

Post a Comment