22 April 2015

Ag fáil reidh 21-04-2015


Nuair a tháinig mé abhaile ón bhfarraige, do bhí an bád-chlós gnóthach go fóill. Deartar liom teacht ar ais an chéad lá eile, agus eile agus arís eile, agus d'éirigh mé bréan de! Ag an deiridh, leis an dírathú, chas mé ar an obair ullmhú i mo aonar.

Chuas suas sa lochta ar lorg na deilbheacha (múnlaí) ón Hanorah, an bád gliomadóireachta ar a bhfuil gach ceann nua-aimseartha bunaithe.
Do bhí an lochta sin ina phraiseach, le deilbheacha i ngach áit, seolta, píosaí adhmaid éagsúla, na mílte rudaí eile, agus gach rud clúdaithe le brat domhain deannach.
Níl a fhios agam conas, ach do tháinig mé ar na dealbhacha cearta (nó roinnt dóibh) ar chlár sraithadhmad díreach faoin díon.




Deilbh an trasnán
Deilbh an glúin deiridh.


Toisc go raibh an bád deireanach beagáinín ní ba mhó, chuir siad toe-pieces ar na deilbheacha. Bhí orm gach ceann a baint dóibh agus iad a chuir i dtaisce sa lochta arís.


Do bhí an t-ádh liom go raibh cúpla bhád gliomadóireachta eile sa bhád-chlós leis an geimhridh. Bhí seans agam féachaint orthu, féachaint conas atá siad leagtha amach, cúpla rud a thomhais agus eile.
Seo an Saoirse Muireann, bád Cormac Levis, ach do bhí Fionn agus ceann amháin eile ann chomh maith.






Seo mo cairn adhmad darach. Níl cuma ró-mhaith air anois, tá a lán fabhtanna ann, mar gheall air an gaoth anoir, dar le John. Mar is eol ag gach duine, an gaoth anoir - bíonn sí tirim, agus do thriomaigh an t-adhmad ró-thapaigh.







No comments:

Post a Comment