24 February 2016

23/02/2014 - Fearg, argóint agus obair.


Tháinig mé go dtí an clós go moch ar maidin chun an scéal a iniúchadh agus an damáiste a mheasúnú.
Ba é John é a bhí ag obair ar an mbád gan mé agus bhí sé soiléir domsa nach raibh an pointeáilteacht céanna sa cheird is atá ag Fachtna, mar shampla.
Bhí John ag obair go fóill inniu, in éineacht liom, agus bhí níos mó ná cúpla focal crosta eadrainn. Níor thuig sé mo chás in aon chor. Dar leis bhí sé ag cabhrú liom, ag tiomáint an tionscadal chun cinn. Dar liom bhí mo thionscadal goidte uaim.
Níorbh fós le déanamh ach u.1 deasbhord, u.2 deasbhord agus roinnt urláir.

Tá frámaí u.19 agus u.20 claonta siar. Nílim cinnte an bhfuil sin ceart in aon chor.


M'adhmad ar fad imithe, beagnach. Gearrtha suas in ngan fios dom. Níl fios agam conas a bhí siad gearrtha. I gceart? Mí ceart? An raibh mo marcáil amach ceart go leor, nó an raibh mé ar strae caoi éigin?
Chas mé ar u.2 a ghearradh amach as ceann de na 'sweeps' deireanach.

Ansin d'fheistigh mé é.
Ansin u.1.
I rith an lae thosnaigh mé ag plé an tionscadal le Liam. Bhíos ag iarraidh taispeáint do cé chomh díomách a bhí mé. Bhíos ag iarraidh insint do go raibh ár gcomhaontú briste aige, bhíos ag iarraidh a lán rudaí a insint do ach sara raibh an seans agam chuala John ag dul thairis ag caint muid agus thosnaigh sé ag béiceadh is ag argóint liom.
Níorbh an t-atmaisféar ró-dheas ina dhiaidh sin.

Bhíomar in achrann le chéile arís tar éis an lón nuair a thug mé fé dara go raibh fráma 4 deasbhord fós le déanamh agus go raibh an píosa dair lúbtha deireanach úsáidte agam ar uimhir a haon. Ní raibh ach adhmad le snáithe díreach fágtha agus i mo thuairim ní raibh sé oiriúnach d'uimhir a ceathair, ach d'oirfeadh sé go maith le uimhir a haon. Níorbh sé in intinn le John ach leanúint ar aghaidh pé scéal é ach bhíos ar buile! Mhothaigh mé go raibh an tionscadal casta ina jab neamh-airdiúil déanta fé dheifir.

Lean mé ar aghaidh ag obair inniu, ach den chéad uair sa thionscadal ar fad, mhothaigh sé mar fíor obair. Go dtí seo bhíos lán sásta an lá ar fad a chaitheamh ag obair go chrua le aoibh ar mo aghaidh ach anois bhí droch-smaointí ag rith tríd mo cheann. Cén fáth go bhfuil mé ag obair ar an mbád seo - ní mo bhád atá ann a thuilleadh. Nílim ach chun é a dhíol ag an deiridh ar aon nós toisc go bhfuil sé truaillithe anois acu. Tá seo níos measa ná saothar in aisce - ag saothar agus ag íoc as!

No comments:

Post a Comment