24 February 2016

22/02/2016 - Goilleadh, suaitheadh agus díomá.

Tháinig mé abhaile ar an Domhnach agus bhí neart rudaí le déanamh agam. Ar an Luain bhíos ag iarraidh gach rud a chuir in eagar le go mbeidh mé ábalta mo aird a thabhairt ar an mbád go hiomlán. Chuas síos go dtí an bádchlós le chuir in iúl dóibh go mbead ar ais ag obair ar an márach. Bhualas le Liam ar mo shlí isteach agus shiúlamar i dteannta a chéile i dtreo an sheid. Ansin scaoil sé buama orm.
Lean siad ar aghaidh ag obair ar mo bhád agus mé as láthair ag obair.
Tá na frámaí go léir gearrtha amach agus feistithe, beagnach. Níl ach cúpla le déanamh agus na urláir ansin.
Bhíos ar tí deora a scaoileadh nuair a chonac mo bhádsa ina sheasamh sa seid, leath críochnaithe.
Ceithre sheachtain leadránach ar an bhfarraige agus mé an t-am ar fad ag smaoineamh uirthi. Ag tnúth leis na frámaí sin a ghearradh amach. Fiosrach conas a rachadh na cinn deiridh isteach.
Bhíos ar bís le sceitimíní nuair a sheasas amach as an gcarr cúpla nóiméad roimhe sin - ach anois bhíos croíbhriste.

Bhíos suaite nuair a chuas abhaile. Agus táim go fóill. Níl a fhios agam an bhfuil suim agam leanúint ar aghaidh leis an tionscadal seo a thuilleadh. Ní mo bhád atá ann níos mó. Níl aithne agam air.

No comments:

Post a Comment