24 February 2016

24/02/2016 - Glacadh agus leanúint ar aghaidh.

Agus é ag obair ina aonar, dhéin John an-chuid deilbh nua. Bhí a fhios agam go raibh roinnt de na deilbh i ndroch-ordú, ach bhí níos mó ná sin i gceist. Bhí difríochtaí idir na sean-deilbh agus na deilbh nua agus na frámaí. Mar shampla ag deiridh na báid, frámaí 17, 18 agus 19 ach go háirithe.

Is cosúil go bhfuil an eang i bhfad níos ísle ar an gceann seo.


Beidh cruth níos ramhra ná na geáil teabhal-seol eile ar mo bhádsa de réir dealraimh.




I roinnt de na frámaí déanta ag John bhuail sé gnáth tairní isteach iontu agus ní féidir iad a tharrac amach anois. Do bhí ormsa tairní báid a chuir isteach in aice leo.


Feistiú aisteach ar fráma uimhir a 20.







Tar éis an bád a iniúchadh labhair mé le Liam arís - go príobháideach an uair seo. Mhínigh mé dó go raibh mé thar a bheith curtha amach leis an méid a dhein sé. Gur bhris sé an margadh a bhí againn. Go raibh mé amhrasach fén gcaighdeán obair a bhí déanta i mo as láithreacht, agus nach raibh fonn orm íoc as. D'inis mé dó go raibh mé ar tí eirí as an tionscadal ar fad, ach chinn mé anois go leanfaidh mé ar aghaidh.
Ghlac sé é sin agus chas má ar ais go dtí an obair. Cén fáth go bhfuil mé ag leanúint ar aghaidh ag tógáil bád atá truaillithe? Nílim cinnte. Tá na páistí ag súil le bád mór deas nua. Tá an iomad airgead agus obair curtha isteach ann cheana. Agus tá a lán fós le foghlaim agam, is dóigh liom.
Ach fós ag an bpointe seo tá an grá imithe as an tionscadal; ní mothaím anois ach céasta!

John ag gearradh amach urlár éigin.
John ag déanamh dealbh nua ar son ceann de na dealbh ar iarraidh.





No comments:

Post a Comment