24 May 2017

24/05/2017 - An taobh clébhoird dúnta!


An chéad rud ar maidin ná lasas an tine fén bpota. Tógann sé cúpla uair a chloig ar a laghad an t-uisce a bheiriú.



Nuair a bhí gal ann chuireas an píosa tosaigh den shutter isteach ann.
Idir an dá linn, leanas ar aghaidh ag ullmhú an píosa deiridh.

Ní raibh sé ró-éasca ach tar éis uair a chloig go leith sa phota chuaigh an píosa tosaigh isteach. Bhí sé beagáinín  ró-theann, agus ní raibh an beibheal foirfe in áiteanna, ach chuaigh sé isteach pé scéal é.


Chomh tapaigh agus ab fhéidir, leanas ar aghaidh leis an bpíosa eile



Agus ansin isteach sa phota leis freisin!





Is breá liom a éisteacht leis an mboilgearnach is an gal ag siosarnach ach ná habair fén mboladh. Déistineach! An sean-phíosa cúr caite sin, tá sé lofa, agus nuair a théann an gal tríd scaipeann sé boladh uafásach timpeall ná háite.

Ach oibríonn sé.
Chasamair an planc timpeall ar na frámaí gan aon fhadhb ach bhí roinnt fórsa ag teastáil é a bhrú isteach sa bhearna.

An bun gearrtha agus brú amháin eile, agus isteach leis.
An radharc laistigh.

An radharc lasmuigh.

Tá cuma cosúil le bád uirthi anois!








No comments:

Post a Comment