17 May 2017

17/05/2017 - Ag ullmhú an chéad stráca eile.

Do bhí an spiling déanta agam inné, mar sin bhíos réidh lena leagaint amach ar an gclár ar maidin.
Bhí ionadh orm, ach bhí bun an spiling nach mór díreach.
Ag cuir leis an spiling chun an bearna idir an dealbh agus an tslat a dhúnadh.

An caolach líneála leagtha amach.

Cé go mbeidh bun an chláir díreach, ní bheidh barr an chláir mar sin ar scor ar bith.

Chuas ar strae as líne na miosúr in cúpla áit ag lorg líne fíor cóir.


Na beibhil tomhaiste agam agus ag plánáil isteach sa stráca iad.

Ag teach le chéile.


An beibheal ag an bpost.

Agus an píosa sin beagnach réidh, thosnaíos ag déanamh dealbh le haghaidh an chuid deiridh de.

Thóg sé tamall an píosa adhmad agus an spota ceart a fháil.


Chinn Liam an píosa sin a ghearradh amach ar an gcrios-sábh. Rud a dhein sé é féin.


An uair seo bhí orm an tarscamhaire agus an blocphlána a úsáid chun na beibhil a dhéanamh.


Ansin d'úsáideas an tslat arís leis na leithid a fháil.

Ansin mharcáil mé amach iad.


No comments:

Post a Comment