16 May 2017

16/05/2017 - Críochnaithe leis an stráca íochtair ar deiridh


Agus an feistiú déanta, b'fhéidir liom na miosúir a haistriú go dtí an stráca agus an méid breise ag an mbarr a bhaint de.



Réidh le tairneáil, tháinig Liam chun cabhrú liom arís. Cinnte ba eisean é a dhein na cinn ba thábhachtaí arís.





Nílim cinnte cé chomh fada a thóg sé (an-chuid ama), ach ar deiridh tá an stráca íochtair déanta. Bhuel, tá ceann amháin de dhá cheann déanta ar a laghad!
Níl sé foirfe, ach táim sásta leis.
Ach níorbh fhéidir liom mo mhaidí a ligean le sruth, tá a lán obair fós le déanamh.
Thosnaíos le dealbh a dhéanamh le haghaidh an chéad stráca eile.

Dheineas dealbh le haghaidh an chuid tosaigh agus spiling leis an méid eile.


No comments:

Post a Comment