07 August 2018

07/08/2018 - Lá fada bearránach.


Ar maidin do bhí an gliú ag na dalláin cruaite agus bhíos in ann iad a choiriú.
Tús maith an lae, ach tá sé éasca le feiscint sa phictiúr thíos conas atá an cnaí lúbtha tar éis an aimsir te.

An rud éasca sin déanta, chasas mo aird ar cúrsaí theicniúla - an inneall dar ndóigh.
Féach ar na sreanga, fearais, gléasanna, nascóirí agus araile thíos. I ndáiríre níl cliú dá laghad agam conas déileáil leo.

Go han-neamhchinnte thosnaíos leis na cáblaí rialaithe le haghaidh an scóig, an giarbhosca agus an luamhán stoptha.
Chuireas an luamhán stoptha ag cúinne an tafta stiúrach ach bhí orm clár nua a dhéanamh chun an luamhán scóige agus an painéal ionstraimí a shuigh ann.
Ar dtús dheineas iarracht an dá rud a chuir ar chlár iorócó amháin, ach bhí sé ró-dheacair an clár sin a fheistiú idir an dá rungás. Mar sin do bhí orm é a ghearradh ina dhá leath.
Ansin dheineas dealbh cairtchláir le haghaidh an painéal agus ghearras amach as an gclár iorócó é. Ach fé mar is gnáthach leis an mbreall dúr seo, ghearras amach bun os cionn é!
Dá bhrí sin bhí orm níos mó ama a chaitheamh ag díchóimeáil an painéal agus ag athchóimeáil (bun os cionn) arís é. Ach ina dhiaidh sin go léir do bhí an painéal (agus na sreanga agus na nascóirí) ró-thiubh dul isteach sa spás taobh thiar an clár. Bheadh orm an méid ar fad a dhéanamh arís, ach in áit eile.
Cantalach tar éis an cuir amú ama sin agus ag éirí tuirseach (agus ocrach freisin) do thosnaíos ag feistiú clár irócó nua chun an painéal a ghlacadg, ach an uair seo beidh sé feistithe ar an taobh clébhoird, os comhar an luamhán scóige amach. Níor thóg sé an méid ama céanna, ach fós bhíos crosta liom féin.
Thosnaíos ansin ag feistiú an luamhán scóige.
Níor dheineas riamh aon rud díreach cosúil le seo, ach ag lean ar na treoracha go dílis d'éirigh liom na cáblaí a cheangal leis an bhfearas.
Obair an-achrannach a bhí ann ach ag an deiridh is ar éigin a bhíos ábalta an clár a chuir ar ais ina áit ceart, agus nuair a chuaigh sé ann do bhí maide an luamhán ag scríobadh an ghunail. Bheinn ábalta é a úsáid mar sin, ach ar éigin, mar sin ní foláir dom é a athrú amárach.

Do bhí sé ag éirí déanach um an bpointe sin agus chinneas éirí as leis an lae.

No comments:

Post a Comment